Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 28, 2016

Fírinne Scanrúil Meabhairshláinte LGBT a Dhéanann Riachtanas de Shochaí Níos Fáiltiúla agus Níos Fulangaí

Ní leor í inglacthacht fhoirmiúil an chomhphobail LGBT chun dul i ngleic le fulaingt intinne daoine óga atá ag teacht chun réitigh lena bhféiniúlacht, daoine atá tacaíocht níos pearsanta uathu, a áitíonn an Bord Eagarthóireachta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is mór an dúshlán atá i dtorthaí scanrúla na dtaighdeoirí Choláiste na Tríonóide faoi fhadhbanna sláinte intinne an chomhphobail LGBT, go háirithe daoine óga, don sochaí liobrálach atá samhalta againn.

I measc na dtorthaí is scéimlithí tá an léargas gur smaoinigh 70 faoin gcéad de dhaoine LGBT atá idir 14 bhliana agus 18 mbliana d’aois go dáiríre ar lámh a chur ina mbáis féin, agus go bhfuil féindochar déanta ag 56 faoin gcéad den ghrúpa chéanna. Níor tógadh na daoine sin i measc smachta sóisialta agus polaitiúla na hEaglaise Chaitlicí ar stát agus sochaí na hÉireann, ach le linn ré iltírí agus ilghnéithí an Tíogar Cheiltigh. Níor rugadh na daoine sin i dtír a chuir cosc ar iompair homaighnéasach, an tír inar rugadh a dtuismitheoirí. Is i dtír nua-aimseartha a raibh ag neartú an tola chun cearta pósta a thabhairt don chomhphobal LGBT a raibh siad ag fulaingt.

Tá ceacht ríthábhachtach intuigthe leis na torthaí. Ce go bhfuil aithint dhlíthiúil an chomhphobail LGBT agus aithint a gcearta go hiomlán riachtanach dá rannpháirtíocht cothrom sa tsochaí, ach ní leor í ar chor ar bith. Cé nach féidir a shéanadh go bhfuil tábhacht phraiticiúil agus shiombalach ag an aitheantas sin ó institiúidí neamhphearsanta an stáit, ní féidir é sin a chur in ionad measa lucht ár gcomhchéime agus ár gcomhshaoránaigh, gan bacadh le difríochtaí de réir gnéaschlaonta. Ní hamháin go bhfuil sé de dhualgas orainne go léir glacadh leis an gcomhphobal LGBT agus a gcearta, ach iarracht ghníomhach a dhéanamh chun iad a chur ar a suaimhneas agus mothú inghlactachta a thabhairt dóibh. Tá tacaíocht agus bailíochtú ag teastáil uathu, ní hamháin ón dlí, ach ó dhaoine eile ina theannta sin.

ADVERTISEMENT

Tá sé tábhachtach go múnlaíonn an tuiscint sin idir ár n-idirghníomhaíochtaí laethúla agus ár ndearcadh ar oideachas gnéasach i scoileanna. Ní cabhair ar bith dúinn í foirm ar bith den oideachas sin a sheachnaíonn gach lua den chomhphobal LGBT agus muid ag iarraidh na staitisticí tragóideacha sin a fhoilsíodh le linn na seachtaine a shárú. Ón tús, is gá bheith cinnte go bhfuil daoine óga eolach ar bheithsine agus ar bhailíocht réimse leathan gnéasclaonta. Is féidir leis an gcineál oideachais sin athdheimhniú riachtanach a thabhairt do dhaoine óga atá ag teacht chun réitigh lena bhféiniúlacht agus go leor tuisceana a thabhairt do lucht a gcomhchéime ionas go mbeidís in ann tacú leo.