Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 5, 2016

In Earnáil Tearcmhaoinithe, is Gá nach ligimid do Leas Airgeadais An Saol Acadúil a Smachtú

Doimhníonn tráchtaí a rinne leas-seansailéir Ollscoil na Banríona an imní atá ar mhórán daoine maidir le todhchaí an ardoideachais

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Spréach tráchtaí a rinne leas-seansailéir Ollscoil na Banríona Béal Feirste, Patrick Johnston le linn na seachtaine frithbhualadh pléasctha paiseanta ó acadóirí agus na daoine a bhfuil suim acu i gcaomhnú bunchuspóra na hollscoile, an saol acadúil. Agus é ag rá faoi éifeachtaí ciorruithe de mhaoiniú stáit, ciorrú de £8 milliún ó Stormont ina measc,ar an ollscoil in agallamh leis an Belfast Telegraph, dúirt Johnston “nach bhfuil duine de 21 bliana d’aois atá ina staraí ar an 6ú haois ag teastáil ón sochaí.” Is as an ráiteas sin a ghabh sé leithscéal le Roinn na Staire na hollscoile.

Níl ach doimhniú na heagla atá ag mórán daoine faoi thodhchaí an ardoideachais atá déanta ag trácht Johnston, agus institiúidí tríú leibhéil faoi bhrú airgeadais méadaithe agus brú chun foinsí maoinithe thar an stát. Is níos suntasaí ná riamh an bhuairt go bhfuil ollscoileanna ag iompar mar chomhlachtaí, le cúrsaí nach bhfuil baint acu le leas lucht an ghnó atá deacrachtaí maoinithe acu curtha as ord tosaíochta níos minice ná riamh. Tá sé sin síor freisin maidir le an imní go bhfuil curaclaim agus taighde á athrú de réir leasa comhlachtaí eachtracha. Leoga, dúirt Johnston nach dtairgeann an ollscoil céimeanna sa socheolaíocht nó san antraipeolaíocht amháin agus in áit é sin “neartaíonn sí na hábhair sin trí ligint dóibh nascanna a chruthú le hábhair eile chun a n-ábharthacht a dhéanamh níos ceangailte.”

Is ollmhór iad na deacrachtaí atá ag crá is ag creimeadh ollscoileanna, agus ní tosaíocht í an fhadhb seo don rialtas nó don phobal ar chor ar bith. Sin an chúis leis an méid déistine atá cruthaithe ag tráchtaí Johnston: ciniceas seachtrach faoi thodhchaí an ardoideachais atá go mór i meon ceannaire ollscoile, duine gur cheart go mbeadh ag tacú le fiúntas an tsaoil acadúla agus ag troid ar a shon, cé gur beag an méid duine atá ag déanamh é sin faoi láthair.

ADVERTISEMENT

Agus staid maoinithe in Éireann an-sobhriste, agus le moill níos mó ar chinntí maidir leis sin, tá sé ar fhoirne ollscoile, mic léinn agus ceannairí áitiú ar an rialtas agus ar an bpobal faoi luach an tsaghais oideachais sin, thar an tairbhe a thairgeann sé do lucht an ghnó.