Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 5, 2016

Níl na Criosanna gan Caitheamh Tobac chun bhur Saoirse a Shrianadh

In áit caitheamh le ceansaitheoirí mar íobartaigh, is réiteach phraiticiúil le fadhb leanúnach atá sa pholasaí nua.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tarraingíonn an nuacht a chuaigh chun solas le linn na seachtaine gur socraigh Bord an Choláiste criosanna móra gan caitheamh tobac, a chuimseoidh na ceantair timpeall Cearnóg na gComhaltaí agus an Leabharlann Berkeley atá plódaithe le daoine go minic, ceisteanna anuas faoi bhunchuspóir na mbeartas sin a theorannaíonn saoirse mac léinn agus foirne tobac a chaitheamh.

Tagann an cinneadh seo, a rachaidh i bhfeidhm i mí Iúil, tar éis díospóireacht fhorleathan a bhí ann le déanaí maidir le cur chuige an rialtais i gcomhair caite tobac. Lárnaíonn an díospóireacht sin ar cháintí a rinne an tAire Stáit nua-cheaptha Finian McGrath ar leibhéil arda cánach atá ar thobac agus an cosc ar thobac a chaitheamh i bhfoirgnimh phoiblí, ag rá gur minic atá ceansaitheoirí ina “n-íobartaigh éasca.”

Déanann an roscaireacht sin a dhéanann cur síos ar na daoine a bheidh a saoirse teoranta acu de bharr an chinnidh sin de Bhord an Choláiste mar dhaoine a fhulaingíonn gníomhuithe diansmachtúla agus siombalacha a dhéanann údaráis an Stáit agus an Choláiste neamhaird ar fhíorbhunxhuspóir na mbeartas sin. Ní mar aidhm acu pionós a ghearradh ar dhaoine chineann tobac a chaitheamh nó áiteamh orthu gan é a chaitheamh, ach chun tromlach de dhaonra an Choláiste nach ndéanann sé sin a chosaint. Is thar mhíchaoithiúlacht í toit thánaisteach, fadhb a chuirtear go minic in iúl dar le Dr David McGrath, stiúrthóir Seirbhís Sláinte an Choláiste, agus tá bagairt mhór inti dona sluaite nach bhfuil in ann na scamaill deataigh a chuireann doras an Arts Block. Ba cheart go gcuimhin linn go raibh cosc iomlán ar thobac sa Choláiste a bhí sa thogr ar dtús. Deimhníonn pleananna le haghaidh láthreach chaite tobac le foscadán go bhfuil bagairt toite thánaistí a íoslaghdú mar bhunchuspóir na gcriosanna gan caitheamh tobac agus léiríonn sé go bhfuil meas ag an togra do chinneadh daoine tobac a chaitheamh, fad is a sheachnaíonn sé dochar a dhéanamh do shláinte daoine eile.

ADVERTISEMENT

Rud eile atá mar chúis imní maidir leis sin atá in éifeachtúlacht na n-athruithe a mholtar, go háirithe tar éis polasaí cosc a chur ar thobac a chaitheamh sna ceithre mhéadar atá timpeall gach slí isteach agus fuinneog ar a rinneadh neamhaird mhór. Céim eile chun freagracht spréite a bhí i gcroílár na rialacha roimhe sin, nuair a bhí ganntanas leasa go leor ar gach duine maidir le dúshlán a thairiscint do dhaoine a dhéanann neamhaird orthu atá sa chinneadh cúpla ionadaithe mac léinn a fhostú chun an beartas a chur i bhfeidhm. Áfach, níl a fhios againn an mbeidh suim dá laghad ag mic léinn sa ról sin, nó an éistfidh siad leis na daoine a chomhlíonfaidh é.