Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 10, 2016

Agus muid ag súil leis an Tuairisc Cassells go luath, Tá Ré na Brústocaireachta Ciúine Críochnaithe

Nochtfadh rud ar bith eile ach an ghníomhaíocht is dírí cliseadh táiríseal agus iomlán gluaiseachta na mac léinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Táimid fós ag fanacht ar réiteach leis an ngéarchéim maoinithe ardoideachais. Dhá bhliain tar éis cruthaithe meithle maoinithe ardoideachais, ar a tugtar an grúpa Cassells, ag rialtas ar a raibh Fine Gael i gceannas, agus sé mhí tar éis spriocdháta le haghaidh criochnaithe a tuairisc, tá an chuma ar an scéal gur féidir linn bheith ag súil le foilsiú na tuairisce “gan mórán achair.”

Bhain beagnach ceathrú den ochtó eagarfhocal a d’fhoilsigh an Bord Eagarthóireachta árithe seo, a chríochnóidh a théarma anocht, leis an ngéarchéim maoinithe ardoideachais. Is é, gan amhras ar bith, an fhadhb is mó atá ag crá mac léinn, acadóirí, agus institiúidí ardoideachais le blianta anuas.

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, go n-atreorófar an tuairisc, a luaithe a fhoilsítear í, chuig an gCoiste Oideachais an Oireachtais. Ar an gcéad dul síos, tá cuma thar a bheith loighciúil air sin, agus laghdaíonn cinneadh traspháirtí an dóchúlacht go méadfaidh táillí theagaisc mar chuid de scéim iasachtaí rialtais.

ADVERTISEMENT

Is fíor é sin mar, roimh an ollthoghchán, d’fhág Fianna Fáil ceangal air féin táille ranníocaíocht an mhic léinn de 3,000 a chalcadh ar feadh cúig bhliana. Gheall Sinn Féin fáil réidh diaidh ar ndiaidh le táillí le linn téarma Dála amháin. Gheall Páirtí an Lucht Oibre laghdú de 500. Gheall na Daonlathaigh Sóisialta laghdú de 1,000 le linn téarma Dála. Idir an dá linn, níor fhág Fine Gael ceangal ar bith uirthi féin, cé gur chríochníodh an tuairisc roimh chríochnú a forógra. Gheall gach páirtí méadú infheistíochta, rud atá ag teastáil go práinneach.

Áfach, is dócha go mbeidh am ag teastáil ón gcoiste chun an tuairisc a phlé, agus go ndéanfaidh sé a torthaí agus a moltaí féin a bheidh bunaithe ar thorthaí na tuairisce Cassells. Mar sin, beidh an réimse polaitiúil á bhá ag an méid moltaí agus torthaí, agus is dócha nach mbeidh tuinseamh chun cinneadh de shaghas ar bith.

Is dá bharr sin gur cheart nach bhfanfadh siar níos mó Comhlachas Ollscoileanna na hÉireann, Cónaidhm Múinteoirí Ollscoile na hÉireann, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, SIPTU, IMPACT, Aontas Múinteoirí Éireann agus duine ar bith eile a bhfuil leas acu san ardoideachas. Níl leithscéal eile ag an aicme pholaitiúil – a bhí i gceannas ar “mheath bhainistithe” ollscoileanna na hÉireann a bhí den scoth sa chomhthéacs domhanda tráth – cinntí a mhoilliú níos mó. Níl iarrachtaí ciúine brústocaireachta, caifé le polaiteoirí, preaseisiúintí agus straitéisí chumarsáide ag teastáil faoi láthair, ach in áit é sin an saghas gníomaithe is dírí agus is féidir. Ní nochtfadh rud ar bith eile ach cliseadh táiríseal agus iomlán, agus déanfadh sé den ghluaiseacht na mac léinn rud nach seasann lena beithsine féin.