Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 25, 2016

Leathnaíonn Comhphobal Choláiste na Tríonóide Thar Íomhá Thraidisiúnta de Phríbhléid agus Scothroghnachas

Nochtann Inside Trinity, sracfhéachaint ar shaol na hollscoile a rinne RTÉ, comhphobal beoga, ag léiriú foinn Choláiste na Tríonóide níos mó inrochtaineachta do ghrúpaí fo-ionadaithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Craoladh an chéad eipeasóid de chlár faisnéise nua RTÉ, Inside Trinity, Dé Máirt, agus é ag cur solais ar shaol agus staidéar Cholaiste na Tríonóide. Mar a léirítear sa chlár faisnéise, is mór an suim atá in Éirinn agus thar lear i dtreo Cholaiste na Tríonóide: go stairiúil, is é an ollscoil is sine in Éirinn; go hacadúil, tá rangú níos fearr ná ollscoile eile sa tír aige; agus go sóisialta, smaoinítear air mar chroílár na príbhléide, an fíor bréad é sin.

Is fairsing an dearcadh go bhfuil croílár na príbhléide i gColáiste na Tríonóide, ach maíonn an clár faisnéise go bhfuil seans ann nár fíor é sin. In eipeasóid An Déardaoin, labhair Lynn Ruane, uachtarán ar Aontas na Mac Léinn Cholaiste na Tríonóide den bhliain seo caite, faoi inrochtaineacht méadaithe an Choláiste don aicme oibre. In ainneoin dearcadh an scothroghnachais, 22 faoin gcéad a bhí sa cheatadán mac léinn sa Choláiste ó ghrúpaí fo-ionadaithe, agus tá sé sin chun méadú go 25 faoin gcéad de réir Plean Straitéise na hollscoile do 2014-19. Tá daoine le míchumas, daoine le míbhuntáiste geilleagrach agus mic léinn lánfhásta i measc na grúpaí sin. Oibríonn an Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide go dian dícheallach chun comhphobal an Cholaiste a neartú agus mic léinn ó ghrúpaí fo-ionadaithe a imeascadh i saol na hollscoile, clár lena ghlac ollscoil Oxford.

Sholáthraíonn an clár faisnéise léargas friseáilte ar a fheictear Coláiste na Tríonóide i measc daoine taobh amuigh de. Dúinne a oibríonn agus a dhéanann staidéar taobh istigh dá mballaí, is minic go bhfuil sé deacair an pictiúr níos mó atá ann – ionann sin is a rá gur minic nár fheicimid thar na sonraithe beaga chun dearcadh difriúil a bheith againn i dtreo na hollscoile. Tarraingíonn na cumainn agus clubanna spóirt, póstaí, ranganna agus comhphobail íomhá d’áit lán le héagsúlacht atá inrochtana do dhaoine ó chúlraí daonna ilíocha. Ón bhfoireann bhainistí go léachtóirí, tá comhphobal Choláiste na tríonóide i bhfad níos leithne ná an íomhá traidisiúnta de mhic léinn phríbhléideach.

ADVERTISEMENT

Do dhaoine nach n-oibríonn agus nach ndéanann staidéar anseo, bheadh féachaint shuimiúil in Inside Trinity ar oibrithe inmheánacha na hollscoile agus saol na ndaoine anseo. Is dócha go nochtfaidh sé an comhphobal éagsúil atá anseo dona grúpaí fo-ionadaithe lena bhfuil Coláiste na Tríonóide ag iarraidh dul i dteagmháil.