Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 18, 2016

Ní Féidir Oideachas na hÉireann a Athshlánú ach tríd an mBearna idir Maoiniú agus Roscaireacht a Líonadh

Ní oireann na tnútháin madir le buntáistí a sholáthróidh an ardoideachas don gheilleagar don mhaoiniú a thugann an rialtas dó.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní mór an ionadh don earnáil atá sa nuacht gur laghdaíodh caiteachas stáit don oideachas de réir seacht faoin gcéad, earnáil atá de nós aici maireachtáil le fo-mhaoiniú leanúnach ón mbliain 2011. Tá sé suntasach, áfach, nach bhfuil sé ina ghnáthrud. I dtíortha san Eagraíocht um Comhoibriú agus Forbairt Eacamaíochta (OECD), ardaíodh caiteachas stáit don oideachas de réir ocht faoin gcéad ar feadh na tréimhse céanna.

B’fhéidir go mbeadh sé sin mearbhallach do lucht féachana iasachta ar pholaitíocht na hÉireann, go háirithe le linn seachtaine inar gheall an rialtas an córas oideachais a chur i measc na gceann is fearr san Eoraip. Agus é ag labhairt le daltaí bunscoile ag seoladh Plean Gnímh um Oideachas an rialtais, gheall an Taoiseach Enda Kenny, i measc bosa arda agus greanntaíocht faoi obair bhaile, cabhrú agus tacú le gach páiste sa tír ar feadh a n-oideachas.

Ag an seoladh céanna, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, go raibh “ról lárnach ag oideachas i mbunathrú na tíre. Tar éis sracfhéachana a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath, níorbh fhéidir le héinne é sin a shéanadh. Léiríonn an méid cuideachtaí teicneolaíochta agus taighdeoirí ar thús cadhnaíochta an luach atá ar oideachas i ngeilleagar atá tar éis athshlanú ón ngéarchéim airgeadais i bhfad níos tapúla ná a shamhlaíodh.

ADVERTISEMENT

Ach tháinig an roscaireacht seo gan gealladh ar bith maidir le méaduithe maoinithe in oideachas bunscoile, meánscoile nó tríú-leibhéil. In ainneoin na dtnúthán a chuirtear ar an earnáil chun fásadh agus an tír a bhunathrú chun feabhais, níl aon fhianaise ann go mbeidh tacaíocht airgeadais ar bith níos mó le tabhairt d’oideachas sa cháináisnéis a fhoilseofar i mí Dheireadh Fómhair.

Tá sé sin á fhulaingt ag an ardoideachas níos mó ná an tromlach. Agus iad ag moladh go hard na spéire ár gcéimithe, laghdaigh siad an tacaíocht dona céimithe sin go mór le déanaí. Is focal ró-dhian atá i gcaimiléireacht, ach tá sé fós mearbhallach go bhfuil an rialtas in ann luach taighde ar thús cadhnaíochta ár n-ollscoileanna a mholadh, gan deontais iarchéimithe a athchur i bhfeidhm. Ag an am chéanna, tá tionsclaíocht ag tacú leis na mic léinn is fearr, agus an Trinity-Intel Talent Award ag tairiscint beagnach €200,000 do mhic léinn eolaíochta, mata, teicneolaíochta agus innealtóireachta i bhfoirm scoláireachtaí agus gradam.

Is tús maith atá sa Phlean Gnímh, ach caithfear é a chur i gcrích chomh maith le córas maoinithe a ligfidh d’oideachas na hÉireann dul in iomaíocht le tíortha eile san OECD ar a laghad.