Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 30, 2016

Tá Coláiste na Tríonóide chun a oideachas a Mhínghlanadh, ach Caithfidh Sé dul i ngleic le Córais Bhriste

Idir córais ar líne agus an bhealach ina thacaíonn sé le cumainn, agus é ag léiriú uaillmhéine leTionscadal Oideachais na Tríonóide, caithfidh an Coláiste a bhunús nemahiontaofa a aithint.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní féidir uaillmhian an Tionscadail Oideachais na Tríonóide (TEP), atógáil iomlán den bhealach ar a mheasúnaítear mac léinn agus ar a múintear dóibh, a shéanadh. Cé gur féidir gearáin a dhéanamh faoi theibíocht a aidhmeanna agus na n-athruithe atá á chur i bhfeidhm aige, ní féidir le héinne a shéanadh go bhfuil Coláiste na Tríonóide, agus é ag iarraidh éa chur i gcrích go tapaidh, ag léiriú uaillmhéine móire.

Tá sé áitithe ag an mBord Eagarthóireachta cheana féin gur cheart go mbeadh Coláiste na Tríonóide uaillmhianach, in ainneoin a staide airgeadais. Idir áiteamh ar son maoinithe breise agus a stádas sna ranguithe a choinneáil, tá sé riachtanach, cé go bhfuil cuma frithchosúlachta air, iarrachtaí tionscadal móra a chur i gcrích.

Áfach, agus é ag obair i dtreo na huaillmhéine seo, is gá don Choláiste a aithint go bhfuil sé ag forbairt ar bhunús an-neamhiontaofa. Tá gné den tionscadal geallta d’aitheantas agus do thacaíocht gníomhartha seach-churaclaim agus comh-churaclaim, áfach, is le fada atá cumainn na hollscoile ag fulaingt córais díhuingigh agus maorlathaigh, agus ta siad tar éis an easpa ríomhphoist poiblíochta do mhic léinn sa chéad bhliain a chaoineadh.

ADVERTISEMENT

Agus gné eile den tionscadal dírithe ar intéirneachtaí agus staidéar thar lear, is gá don Choláiste faillithe riaracháin tromchúiseacha córasacha atá ina chórais Erasmus agus malartaithe, faillithe a chuireann frustrachas agus mearbhaill ar chéadta mac léinn gach bliain, agus ina chórais a imeascann torthaí mac léinn ón gcóras Erasmus go córas na Tríonóide. Agus gné eile dírithe ar fhoghlaim fhíorúil, cruthaíonn na gearáin a dhéantar go minic faoi chórais idirlíne an Choláiste amhras maidir leis an rath a bheidh ag an tionscadal seo.

Agus na hathruithe sin á chur i gcrích do mhic léinn a bheidh ag iontráil sa Choláiste sa bhliain 2018/19, beidh idirthréimhse ann, ina bheidh mic léinn éagsúla ag obair i gcórais éagsúla. Cúis imní a bheidh ann seo do roinnt daoine agus is le minicíocht ollmhór a dhéantar gearán faoi fhadhbanna riaracháin an Choláiste.

Cé gur uaillmhianach iad aidhmeanna an tioscadail agus, má chomhlíonfar iad, tá sé ar a gcumas Coláiste na Tríonóide a chur ar thús cadhnaíochta sa domhan acadúil, is gá don Choláiste a aithint go gcaithfidh sé freisin na córais atá i láthair cheana féin a scrúdú go géar agus a n-óiriúnacht, nó easpa í sin, d’ollscoil den scoth a dhéanamh.