Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 27, 2016

Níl an Coiste Oideachais Réidh do Dhíospóireacht Anaibí faoi Ardoideachas

Bhí a chuma ar an scéal ag cruinniú an Choiste Oideachais an tseachtain seo go raibh cúpla ball ag brath ar achoimre Sparknotes na tuairisce Cassells.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá ádh ar an gCoiste Oideachais agus Scileanna san Oireachtas. Le tuairisc den scoth ina lámha acu agus muinín iomlán an Aire Oideachais agus Scileanna iontu, tá saoirse mhór acu ardoideachas na hÉireann a athchruthú ina iomlán.

Is féidir leo cibé córas a theastaíonn uathu a chur i bhfeidhm. Tá idir an tAire agus údar na tuairisce, Peter Cassells, tar éis indéantacht cibé “córas hibrideach” a theastaíonn uathu a chur faoi lánrogha an choiste agus iad ag cur is ag cúiteamh faoin tuairisc. Áfach, más ar a phléadh le linn na seachtaine a bhuneofaí an breithiúnas, tá sé níos dóichí go gcruthódh an coiste arrachtach Frankenstein in áit córas comhleanúnach a bheadh oiriúnach d’ardoideachas na hÉireann.

Cé go raibh a chuma ar an scéal go raibh an coiste i gcoinne scéime iasachtaí ioncam-teagasmhacha, b’fhéidir go mbeadh sé níos cruinne a rá nár thuig na polaiteoirí ar an gcoiste conas a oibreodh cóíras den saghas sin. Ní bheadh sé cothrom a rá nach raibh an tuairisc Cassells léite ag roinnt ball an choiste, ach chuirfeadh an cruinniú i gcuimhne duit íomhá cúpla mac léinn ag iarraidh dul i ngleic le rang éigin agus iad ag brath ar an achoimre “Sparknotes.”

ADVERTISEMENT

De bharr cuid de na ceisteanna a chuireadh, bhí sé deacair gan gach muinín a chailleadh sa phróiseas. Ní cabhrach an cheist faoin méid ama a bheadh ag teastáil chun iasacht a aisíocadh de réir a ioncaim féin ar chor ar bith. Agus nuair a bhí baill an choiste ag iarraidh samplaí de thíortha inar oibrigh an scéim go maith agus tíortha ina raibh sé go holc, bheadh sé níos éasca leathanaigh 27-35 den uarisic a chur faoi bhráid acu. Tá sé ráite ag an Ollamh Nicholas Barr, a chabhraigh le cur le chéile an scéim atá i bhfeiudhm i Sasana faoi láthair leis an nuachtán seo go bhfuil “mór-churadh polaitiúil” chun iad a dhíoladh. Tar éis sracfhéachana ar sheomra an choiste, níl duine ar bith le feiceáil atá chun an ról sin a ghlacadh. Áfach bheadh méadú suntasach cánacha riachtanach ag teastáil chun córas maoinithe go poiblí. Le linn an chruinniú, agus Cassells ag labhairt, dealraigh sé go raibh na polaiteoirí ag tabhairt faoi deara go raibh díospóireacht chaolchúiseach agus tábhachtach taobh amuigh de Theach Laighean ag teastail chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Bhí tú in ann a gcroíthe beaga ag bualadh níos tapúla agus iad ag smaoineamh air sin.

D’iarr Fiona O’Loughlin, cathaoirleach an choiste ar Cassells conas a chuirfí luach ardoideachais in iúl don phobal. Faoi seo, ní raibh freagra ar bith aige. Má tá an argóint sin a chloisteáil ó Choiste an Oireachtais d’Oideachais agus Scileanna uainn, ní dhealraíonn sé go mbeidh sé go luath.