Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 13, 2016

Tá na Meáin Sóisialta mar an Rogha Amháin ag Mic Léinn roimh Uachtaránacht Trump, le Gníomhaíochas Níos Déanaí

Is minic a dhéantar scigmhagadh faoina meáin sóisialta a úsáid chun gearán nó tacaíocht a dhéanamh, ach níl dara rogha acu go díreach tar éis cinntí tromchúiseacha.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cé gur dhiúltaíodh iarracht uachtaránachta Donald Trump de réir tuairime tromlaigh na ndaoine óga sna Stáit Aontaithe, beidh sé mar cheannaire na tíre seo ar fheadh na ceithre blianta atá amach romhainn. Bhí círéibeacha agus agóidí á tosú ar fud na tíre mar thoradh an toghcháin, agus tá cuid mhór dóibh eagraithe ar champais ollscoile agus mic léinn ag glacadh páirte iontu. Áfach, tá i bhfad níos mó ag díriú a bhfearg ar líne.

Is minic a dhéántar scigmhagadh faoin nglúin seo de bharr a spleáchais ar Facebook agus Twitter maidir le gníomhaíochas. Is dócha gur beag an tionchar atá ag postáil i bhfotha nuachta atá mar bhoth mhacalla ar dhaoine daingin a thacaíonn le Trump, Brexit nó cásanna eile a bhí diúltaithe ag an gcuid is mó de dhaoine óga i mbliana. Ach is mór an t-aineolas atá sa scigmhagadh a dhéantar faoin nglúin seo agus iad ag postáil faoi chinntí tromchúiseacha a athróidh a saolta a dhiúltaíonn siad agus a gcairde. Léirítear aineolas ar an bhfírinne nach bhfuil rud ar bith le deánamh acu chun dul i ngleic leis sin nó chun a bhfrustrachas agus a bhfearg a chur in iúl.

Freagraí nádúrtha atá ann sin do chinntí a bheidh iarmhairtí forleithne acu ar na glúinte nach raibh ag iarraidh iad. Cé gur vótáil 765 faoin gcéad de dhaoine faoi 24 bliain d’aois i gcoinne an Aontas Eorpach a fhagáil, roghnaigh 61 faoin gcéad de vótóirí thar 65 bliana d’aois an imeacht. In Éirinn, bhí buaicphointe 20 bliain sa mhéid vótóirí sa reifreann ar chomhionannas pósta, agus bhí ról ann sin ag an 27,633 mac léinn a bhí nua-chláraithe ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ). Dá dteipfeadh ar an reifreann, bheadh an léirscrios a bheadh ann den saghas céanna is a lean na himeachtaí sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe, leis an nglúin óg ag fulaingt de bharr chinnidh nach raibh ag teastáil uathu ach a bheidh tionchar mór aige orthu.

ADVERTISEMENT

Is catairseach an rud é tabhairt amach faoin tionchar a bheidh ag cinntí ar a dtodhchaí, ach ba cheart nach ndéánfaí é in áit gníomhartha. Is gá feachtasaíocht agus tacaíocht a chur leis sin. Maíonn an rath a bhí ag gluaiseachtaí ar nós Fossil Free TCD agus feachtas cláraithe AMLÉ go bhfuil paisean fós ann i gcomhair gníomhaíocht buanaithe. Ach, agus cinntí tromchúiseacha le mór-iarmhairtí amach rompu, go gearrthéamach, ní féidir le mic léinn ach a léan a chur in iúl.