Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 27, 2016

Tá Teorainn le Tionchar Laghdaithe Bacainni Airgeadais i gCláir Rochtana

Agus moill ag teacht ar fhás na n-uimhreacha mic léinn faoi mhíbhuntáiste atá ag iontráil i gColáiste na Tríonóide, is gá smaoineamh ar na deacrachtaí nach mbaineann le hairgead.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cé gur phléádh go mór rochtain d’ardoideachas a leathnú do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste sa chlár faisnéise Inside Trinity, léiríonn figiúir ó thuairisc Monatóireacht Bhliantúil Chomhionannais gur furasta a rá ná a dhéanamh. In ainneoin iarrachtaí suntasacha ó Choláiste na Tríonóide na huimhreach mac léinn ó chúlra neamhoilte fhreastlaíonn ar an ollscoil seo a mhéadú, is beag an t-athrú atá ar an méid mic léinn den saghas sin le cúig bliain anuas. Níl ach 10.2 faoin gcéad de mhic léinn ag iontráil sa bhliain 2014/2015 ina bpáistí d’oibritheoirí neamhoilte.

Cé nach bhfuil sé fíor do Choláiste na Tríonóide amháin, is dúshlán é atá an ollscoil ag obair go dian chun é seo a shárú. Bunaíodh an Clár Rochtain Choláiste na Tríonóide (TAP) sa bhliain 1993 agus tá se mar bhunús iarrachtaí buanaith na hollscoile chun ionadaíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste a mhéadú. Soláthraíonn TAP tacaíocht suntasach acadúil, sóisialta agus airgeadais do dhaoine ó mionlaigh eitneacha nó ó chúlra faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch ionas go mbeidís in ann freastal ar ollscoil. Cuireadh é le chéile hinfheistíocht mhór airgeadias ó Choláiste na Tríonóide, ó Chíste Sóisialta na hEorpa agus réimse deontóirí, idir daonna agus corporáide.

Áfach, tugann an moill san fhás seo go bhfuil faillí á dhéanamh ag gné éigin den tionscnamh seo maidir le rochtain a leathnú. Agus í ag labhairt ag an gCoiste Oideachais agus scileanna san Oireachtas an tseachtain seo caite, dúirt an Seanadóir Lynn Ruane – duine a thacaíonn le hard-ghuth rochtain leathnaithe don ardoideachas agus a bhí ina mac léinn de chui TAP – go léargasach go bhfuil tionchar bacainní airgeadais teoranta. Ta tacaíocht airgeadais úsáideach, ach ní athraíonn sé an cultúr bunúsach a díspreagann freastal ar ollscoil i measc grúpaí éigin.

ADVERTISEMENT

Is dócha go bhfuil teorainn uachtair ar chomh éifeachtach is atá dréachtaí airgeadias chun mic léinn a mhealladh. Tá rátaí neamhchomhlánaithe is airde don chéad bhliain agus léiríonn sé sin go bhfuil brú nach mbaineann le hairgead i gcomhthéacs oideachais tríú-leibhéil. D’áitigh Tuairisc an Ghrúpa Gnímh ar Rochtain d’Oideachas Thríú Leibhéil go bhfuil mic léinn faoi mhíbhuntáiste ag iarraidh seirbhísí nach gcruthaíonn deighilt idir a ngrúpa agus mic léinn eile, agus go raibh níos mó iarrachtaí chun iad a imeascadh i gcomhphobal ana hollscoile agus chun iad a spreagadh chun rannpháirtíocht sósialta agus cultúrtha sa Choláiste.

Labhraíonn idir an Propast agus polaiteoirí go minic faoi thábhacht rochtain d’oideachas a mhéadú, agus ní féidir amhras a chur ar a macántacht. Áfach , tugann marbhántacht na bhfigiúr le tuiscint go bhfuil fadhb fós ann leis na cláir ata i bhfeidhm anois. Cé go bhfuil Coláiste na Tríonóide ag obair go dian chun cultúr níos cuimsithí a spreagadh, tá a chuma ar an scéal, ar an drochuair, go bhfuil rud éigin níos mó ag teastáil. Ní féidir a rá cad é sin gur gá a dhéanamh, áfach.