Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 18, 2016

Bacfaidh Tobhach an Mhic Léinn Tóraíocht Tácaíochta sa Choláiste

Ní an bhealach is fearr atá i dtobhach nua ar na mic léinn a thacóidh leis an gColáiste chun na leabhair chuntais a chothromú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I dtaisceadh le déanaí chuig Coiste Airgeadais an Choláiste, dúradh gurbh fhéidir costais bonneargracha a fhóirdheonú le ranníocaíocht ó fhochéimithe. Is mór an gheit a bhaineadh as daoine a raibh ag obair go dian dícheallach chun athgruithe den saghas sin a bhacadh.

Gheall Kieran McNulty, Uachtarán Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) go “dtroidfeadh sé in aghaidh an bheartais sin,” dá gcuirfeadh an Coláiste é i bhfeidhm. Tá an imní céanna curtha in iúl freisin ag Uachtarán Aontais na nIarchéimithe (GSU), Shane Collins a bheimnigh gurbh fhéidir go mbeadh “iarmhairtí tromchúiseacha maidir le hionadaíocht grúpaí fo-ionadaithe ar fud an chórasi oideachais” ag an tobhach a mholtar. Chruthaigh cur i gcoinne ó TCDSU agus GSU freasaitheacht i gcroílár na hollscoile. Ní maith an cinneadh do riarachán ollscoile a mhic léinn, ar a bhfuil sé ag brath, a choimthiú.

Agus é ag scríobh i The University Times, thriesigh Tom Boland, iar-chathaoirleach ar an Údarás Ardoideachais gur “gá d’institiúidí comhghuaillíochtaí tacaithe níos mó i measc comhphobal réigiúnach agus ag an leibhéal náisiúnta. Tá comhoibriú ó mhic léinn maidir leis sin ríthábhachtach, chomh maith le híomhá dearfach a chur chun cinn i gcomhphobail ar fud na tíre. Bhacfadh an tobhach nua sin an caidreamh atá idir an Colaiste agus a mhic léinn, agus chuirfeadh an tuairim diúltach a mheasann go bhfuil an Coláiste ina institiúid scothroghnach, cé go raibh an ollscoil ag obair go dian dícheallach chun an tuairim sin a shárú.

ADVERTISEMENT

Sa Dheireadh Fómhair, d’fhreastal breis is 10,000 mac léinn ar agóid chun gníomhú i gcoinne scéime iasachtaí ioncam-teagasmhacha, rud a léiríonn go bhfuil mórán daoine óga, ar fud na tíre, glan in aghaidh coincheapa táillí oillscoile. Chuir aontais na mac léinn a gcur in éadan méaduithe an táille ranníocaíochta agus scéimeanna eile a mholadh sa tuairisc Cassells. Ba neamhfhbhrach an rud é tobhach eile do mhórán daoine, ag cruthú bacainne eile do mhic léinn ó chúlra faoi mhíbhuntáiste agus ag cur brú ar iontrálaithe ionchasacha. Dá mbeadh táillí nua curtha i bhfeidhm in institiúidí ar fud na tíre, ag cloí le sampla Choláiste na Tríonóide, chruthódh sé sin rás millteach a dhéanfadh dochar do mhic léinn agus ollscoileanna.

Roimh ciorruithe rialtais do mhaoiniú ardoideachais agus dúshláin eile os comhair na hearnála, tá tacaíocht ó gach foinse ag teastáil ó Cholaiste na Tríonóide. Ní an bhealach is fearr atá i dtobhach nua ar na mic léinn a thacóidh leis an gColáiste chun na leabhair chuntais a chothromú.