Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 15, 2017

Dearcadh Míchothrom ag Daoine Nach Íocann as Fíneálacha Iostais agus Leabharlainne

Cé gurbh fhéidir go bhfuil easpa acmhainn chun íoc mar chúis le táillí ranníocaíochta an mhic léinn gan íoc, bacann faillithe íocadh seirbhísí a bhfuil riachtanach d’ollscoileanna.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dlitear thart ar €560,000 de tháillí leabharlainne don seacht n-ollscoil in Éirinn agus do Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT), de réir doiciméad a d’aimsigh an Irish Times. Dlitear €380,000 do Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) de tháillí iostais neamhíoctha agus dlitear €114,000 do Choláiste na Tríonóide. Chomh maith leis sin, ní €1.3 milliún de tháilli ranníocaíochta an mhic léinn fós le híocadh.

Cé gurbh fhéidir gur de bharr ganntanais airigid atá táillí ranníocaíochta an mhic léinn fós le híocadh, ní chomh éasca sin a fhaightear leithscéal ar na faillithe íoctha eile. Is mór an méid airgid atá sa €3,000 a éilítear ó mhic léinn, agus is iomaí cásanna a eisíaítear de bharr critéar Tacaíocht Ilíoch do Mhic Léinn in Éirinn (Susi) do dheontas chun an táille a íocadh. Áfach, don 10,000 iar-mhic léinn Ollscoil Má Nuad a bhfuil €10 d’fhíneáil leabharlainne orthu, níl acmhainn chun íoc i measc na leithscéalta atá acu, is dócha.

I ráiteas leis an Irish Times, threisigh Cumann Ollscoileanna na hÉireann (IUA) go bhfuil “gach cás a chuireann leis an ngéarchéim reatha mar chúis buartha” ionann sin is a rá an ghéarcheim maoinithe atá le fulaingt ag ollscoileanna le blianta anuas. Is cúis gáire atá sa nuacht go bhfuil bacainn curtha ar ollscoileanna, atá dírithe ar thaighde ar thús cadhnaíochta agus ar mhic léinn a ullmhú do shlithe gairmiúla corraitheacha ag fíneálacha leabharlainne nár íocadh. Ach is dócha gur fíor é.

ADVERTISEMENT

Ní ghearrtar fíneálacha leabharlainne agus táillí iostais ar mhic léinn sa bhealach chéanna is a ghearrtar táille ranníocaíochta an mhic léinn, agus ta sé á áiteamh go dlisteanach ag cuid mhór dóibh nach bhfuil siad in ann é a íocadh. Tá sé roghnach úsáid a bhaint as iostas ar champas Choláiste na Tríonóide ach níl íocadh as seo roghnach. Ach tá sé intuigthe sa €114,000 gan íoc go bhfuil se cinnte ag roinnt daoine go bhfuil sé mar cheart acu iostas a bheith acu gan dualgas é a íocadh, ag gortú na hollscoile a thug dóibh a gcéimeanna a úsáideann siad chun rath a bheith acu ina slithe gairmiúla.

Tá ollscoileanna tar éis fulaingt go mór de bharr ciorruithe an rialtais, rud a chiallaíonn go gcaillfear maoiniú do heirbhísí comhairleoireachta, seirbhísí sláinte an Choláiste agus acmhainní gairmthreoracha, i measc iarmhairtí eile. Níl sé ag teastáil ag mic léinn an todhchaí dul i ngleic le scéim iasachtaí nua a dhéanfaidh rochtain d’oideachas i bhfad níos deacra. Ach ní ionann dúil oideachais saor in aisce agus éileamh gach rud saor in aisce, agus ní cheart go mbeadh na fíneálacha sin gan íoc.