Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 5, 2017

Ba Cheart go mBeadh an Tosaíocht ar Fheabhsú Aschuir Taighde, agus i bhfad ó Mhéadú Iomaíochta Inmheánaí

Ní gá go nglacfaimis le córas a churfeadh comhghleacaithe in iomaíocht i gcoinne a chéile agus a dhéanann neamhaird ar an obair a dhéanann acadóirí.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní forbairt olc ina hiomlán atá sa togra taighde nua a chuirfidh i gcrích meáin nua aschur acadóirí a mheastachán. Agus muid in aois ina bhraitheann ollscoileanna na hÉireann níos mó ná riamh ar fhoinsí eile taobh amuigh den stát, is gá fáilte a chur roimh meáin eile maoiniú a thuilleadh, táillí, daonchairdeas agus tráchtálaíocht ina measc, agus níl ach sampla de sin atá i meáin aschur taighde a mheastachán agus a uasmhéadú.

Is gá fáilte a chur roimhe sin go dtí go ngortaíonn sé bunchuspóir na hollscoile agus a foirne. D’áitigh an Bord Eagarthóireachta le déanaí, ní féidir seasamh le críoch a chur le hardú céime do bhaill foirne seirbhíse agus tacaithe sa bhealach céanna gur féidir seasamh le branda nua tuáillí Choláiste na Tríonóide, cé gurb i staid airgeadais práinneach atá an ollscoil. Tá fadhb den saghas céanna sin ag croílár na forbartha seo: scriosann rangú acadóirí an chomhghleacaíocht atá mar ghné lárnach de ollscoil ar bith.

Tá an idirdhealú céanna déanta ag Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile (IFUT) agus iad ag cáineadh an gné sin den tionscnamh, ag rá go bhfuil sé ag cruthú “tagarmharcála indibhidiúla” do acadóiri.

ADVERTISEMENT

In earnáil atá níos buartha ná riamh le ranguithe, tá frithbhualadh ag fás maidir lena bhfuil á mheasúnú acu agus an éifeacht ar ollscoileanna atá acu. Ar an nós céanna, ba cheart go mbeimis níos sceiptiúla faoi rangú acadóirí indibhidiúla – acadóiri a oibríonn ar scáth a chéile, a chomhoibríonn, a thógann saoire mháithreachais agus riaracháin agus a théann i mbun taighde de shaghas nach féidir tomhas go héasca, nó poist mar oidí a bhfuil níos lú aschur infheicthe déánta acu.

“Nílim ag iarraidh dul in iomaíocht le mo chomhghleacaithe, ba mhaith liom bheith ag obair leo ar mhaithe na hinstitiúide. Ceapaim gur cheart go mbeadh é seo mar phríomhaidhm againn,” a dúirt John Walsh, Cathaoirleach IFUT i gColáiste na Tríonóide. Bheadh sé deacair duine a aimsiú i measc acadóirí an Choláiste a chuirfeadh ina choinne. Agus córas eile sa Ríocht Aontaithe á cháineadh faoi láthair, ní chaithfimid an slí céanna a leanúint.