Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 19, 2017

Bheadh an Fheachtasaíocht Níos Giorra Dodhéanta le Méadú san Uimhir Iarrthóirí

In áit na tréimhse agus mothú práinne a thabhairt d’iarrthóirí, bhí na feachtais spadánta agus mall i mbliana.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tar éis lárphointe na bhfeachtas toghcháin, tá sé oiriúnach smaoineamh faoina difríochtaí idir an bhliain seo agus blianta eile, agus is dócha go bhfuil an tréimhse feachtasaíochta níos giorra mar an ceann is suntasaí. In áit dhá sheachtain feachtasaíochta ar champas, toghchánaíocht agus cuairteanna ar Halla na Tríonóide, tá gach rud comhdhlúite i dtréimhse naoi lá. Ach cé go gceapfaí go mbeadh an tréimhse feachtasaíochta níos beomhaire dá bharr sin, tuirse na n-iarrthóirí a laghdú agus gníomhaíocht níos suimiúla a dhéánamh, níor chomhlíonadh na tnútháin sin.

De bharr an rabhaidh leanúnach go raibh an tréimhse feachtasaíochta dá sheachtain an-docharach d’iarrthóirí agus dá bhfoirne, vótáil Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) fad na tréimhse feachtasaíochta agus na rialacha a bhaineann leis a leasú. Ach in áit an feachtas a athbheochan agus rian práinne a thabhairt d’iarrthóirí, bhí na feachtais sin spadánta agus mall. Is iomaí iarrthóirí nach raibh ach cúpla cuairteanna tabhartha acu ar Halla na Tríonóide agus tá cuid acu tar éis fanacht go anocht chun dull ann, afr oíche Domhnaigh.

Cé go bhfuil na feachtais mar ráibrásaí in áit maratóin, bheadh fadhbanna ann le níos mó iarrthóirí. Le dáréag iarrthóirí, tá an struchtúr i mbliana inbhainistithe, agus is féidir le foirne feachtasaíochta a n-iarrachtaí a chomhdhlúthú i dtréimhse níos giorra go héasca. Ach tá méid mhór rásaí gan choimhlint agus bheadh sé ina phraiseach le níos mó iarrthóirí. Dá mbeadh níos mó ná iarrthóir amháin ar oifigeach siamsaíochta, bheadh sé deacair ócáidí a eagrú le moileanna sásúla eatarthu agus sceitmíní a mhúscailt i measc mac léinn. An bhliain seo caite bhí ceathrar ag iomaíocht don ról seo agus bhí ócáidí éagsúla á eagrú acu go léir agus in ainneoin an mhéid oícheanta le roghnú, bhí coimhlintí ann. I mbliana, is gá don iarrthóir amháin, Jonah Craig, ócáid a chur ar siúl ar an Luan, tar éis túis na dtoghchán. Tá sé sin ceart go leor agus iarrthóir amháin ag iarraidh an róil – ach beidh sé sin go hiomlán níos casta i mblianta ina bhfuil iomaíocht nío mó ann.

ADVERTISEMENT

Ar an iomlán, níl spás ann do bhotúin leis an bhfeachtas gearr sin. Bhí forógraí moillte i mbliana, rud a lig iarrthóirí gan ábhar chun iad féin a chur chun cinn. Ní dhéantar mórán dochair agus lá amháin de dhá sheachtain á chailleadh ach tá tionchar mór aige sin nuair ata trí lá de fheachtasaíocht teoranta ag iarrthóirí.

Ní ionann sin is a rá go bhfuil an sean-nós imeachta ag teastáil arí, ach is gá na rialacha nua a athmheasúnú roimh fheachtais don chéad bhliain eile.