Comment & Analysis
Feb 12, 2017

Ní Gá le hÁibhéil Maidir le Tionchar Boilscithe Grádaithe

Cé gurbh fhéidir go mbeadh iarmhairtí diúltacha ag méadú buanaithe an uimhir céimeanna den chéad scoth, ní éasca an rud é cás boilscithe grádaithe in ollscoileanna a chur i gcomparáid le hinstitiúidí eile.

Is dócha go músclóidh an nuacht an tseachtain seo go bhfuil an uimhir céimeanna den chéad ghrád a bhronn Coláiste na Tríonóide tar éis méadú de réir 33 faoin gcéad idir an bhliain 2013 agus an bhliain 2015 buairt go bhfuil an comhartha nua boilscithe grádaithe san earnáil triú-leibhéal atá i gceist. Agus 61 faoin gcéad de chéimithe gcúrsaí éagsúla tar éis céim den chéad ghrád a fháil, b’éasca an rud é smaoineamh go bhfuil laghdú tagtha ar na constaicí a bhí roimh dhuine agus é ag iarraidh na torthaí sin a fháil. Ní deacair an rud e iarmhairtí diúltacha a thuar má chuirtear cur chuige ró-liobrálach i gcrích maidir le torthaí agus scéimeanna marcála in ollscoileanna. B’fhéidir go gcaillfeadh torthaí a luach agus a gciall, agus a n-airgiúlacht d’fhostóirí, dá leathnódh ollscoileanna go ró-forleithne an molad suntasach ar chumas agus ar phearsantacht atá i gcéim den chéad scoth.

Is cosúil an bhuairt sin le ceann a chuireadh in iúl i dtreo scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an córas CAO ata chomh maith tar éis comhartha méadaithe torthaí a nochtadh. Sa bhliain 2000, mar shampla, fuair 37.8 faoin gcéad de mhic léinN Ardteistiméireachta 350 pointí nó níos mó, ach méadaíodh an chuid sin go 49.5 faoin gcéad sa bhliain 2016. Cé gur féidir go mbeidh sé sin mar fhadhb mhór agus cé gur cosúil é le boilsciú grádaithe in ollscoileanna, is gá aire a thabhairt agus muid ag cur torthaí ollscoile le cás na hArdteistiméireachta i gcomparáid lena chéile.

Déanann an formhór d’iarrthóirí ar an Ardteistiméireacht iarratas don CAO, agus ansin tá siad comhshóite go pointí. Tá na pointí sin mar airgeadra do chionroinnt spásanna tríú-leibhéil agus bíonn na torthaí atá ag teastáil do gach cúrsa ag luainiú de réir éilimh agus soláthair. Tá sé mar chuspóir ag an CAO daoine a srathú agus iad a chur ar speictream chun éilimh do spásanna ollscoile atá in iomaíocht lena chéile a idirghábháil. Nuair a bhoilscítear torthaí na scrúduithe seo, tá an-éifeacht láithreach mar tá na hiarratais go léir ag iontráil sa mhargadh céanna.

ADVERTISEMENT

Tá sé sin go hiomlán difrúil i gcás na n-ollscoileanna agus dá bharr sin ní bheidh tionchar mór ag méadú torthaí, chomh fada is a dhéantar é le neart freagrachta chun luach saothair a thabhairt do mhic léinn a bhfuil sé tuillte acu, mar tá céimithe ag dul i mbun slithe beatha éagsúla. Déanfaidh cuid acu staidéar le haghaidh cáilíochtaí eile, rachaidh cuid eile chuig margadh na bpost, ach is dócha go mbeidh siad ag iarraidh poist éagsúla. I gcomparáid le córas an -neamhphearsanta an CAO, bheifeá ag súil go mbeidh pearsantacht, dearcadh agus taithí go hiomlán níos tabhachtaí d’fhostóirí céimithe.

Chomh maith leis sin, níl srathú chomh tábhachtach sna hollscoileanna. Mar phointe chodarsnachta leis an CAO, atá ag dul i ngleic ar an speictream cumas mac léinn ina iomlán, cothaíonn riachtanais déine iontrála grúpaí mac léinn den scoth i gcúrsaí éagsúla. Dá mbeadh an ollscoil ag tabhairt an iomarca airde ar shrathú, ghearrfaí pionós ar mhci léinn agus iuad ag críochnú a gcéimeanna as torthaí maithe a fháil san Ardteistiméireacht.

Roimh Choláiste na Tríonóide a cháineadh de bharr boilscithe grádaithe, agus scigmhagadh faoi chéimithe as luach saothair éasca a fháil, is gá smoaineamh go géar ar na hiarmhairtí áirithe de bhoilsciú grádaithe d’ollscoileanna.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.