Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 12, 2017

Bacfaidh Constaicí Institiúideacha an Feachtas chun an t-Ochtú Leasú a Aisghairm tar éis Rátha na Máirseála

Tar éis aird a thiomsú go leanúnach roimh an máirseáil le linn na seachtaine, beidh dúshlán roimh lucht an fheachtais agus iad ag iarraidh móiminteam a bhuanú le linn tréimhse idirbheartaíochta an rialtais.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tharraing na sluaite gléasta go dorcha, le brataí ina láimhe acu a mháirseáil tríd an gcathair an tseachtain seo chun agóid a dhéanamh roimh Theach Laighean aird suntasach don fheachtas atá ag fás chun an t-Ochtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm. Agus idir 8,000 agus 10,000 ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ag éileamh ar an rialtas reifreann a chur ar siúl maidir leis sin, ba léir gur mhéadaigh an feachtas “Strike 4 Repeal” an brú ar cheannairí freagairt dó sin.

Labhraíodh faoin máirseáil sna míonna atá thart mar dhúshlán roimh an rialtas reifreann a chur ar bun roimh an 8ú Márta, agus mar fhreagra dá loiceadh é seo a dhéanamh. Bhí sé níos dea-thuarúla fós gur thit an agóid seo ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Bhí an mháirseáil mar fhócas an fheachtais chun an t-Ochtú Leasú a aisghairm sna míonna ata thart, agus roscaireacht ag druidim le dígeann cinnte, ag cruthú taispeántais a bhí rathúil gan amhras. Leoga, tharraing an agóid aird na meán idirnáisiúnta, cé gur cháineadh an craoltóir náisiúnta go mór as a thuairisceoireacht íosta ar mháirseáil a chuir bac mór ar an chuid is mó do lár na príomhchathrach. Bhí an “Strike 4 Repeal” mar aidhm inbhraite agus láithreach don ghluaiseacht.

Áfach, go díreach tar éis na heachtra seo, tá sé riachtanach ceist a chur faoi thodhchaí na gluaiseachta agus cad a bheidh i ndán di. Díríodh an feachtas go díreach ar dhiúltú an rialtais reifreann a chur ar siúl go luath, agus, i gcomhthéacs níos forleithne, ar mheicníocht Tionól na Saoránach a chuir rialtas i gcrích chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus atá ag plé na ceiste sin fós faoi láthair. Tá an chonstaic sin fós ann agus cruthóidh sé dúshláin suntasacha don fheachtas chun an t-Ochtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm. De réir an tsuirbhé a rinne an Irish Times le déanaí, tá easaontas i measc na coda den daonra faoi cad a thógfaidh áit na fórála sin, má tá rud éigin le cur ina háit. Tá móiminteam suntasach ag teastáil chun aontas a bhuanú idir lucht tacaithe atá chomh éagsúil sin, rud atá nthar a bheith deacair de bharr nós imeachta an rialtais.

ADVERTISEMENT

In ainneoin a bhuntáistí, is fad an próiseas atá i ndán do Thionól na Saoránach. Níl ach moladh le tabhairt ag an tionól, a phléifidh Coiste Oireachtais roimh chinneadh ón Dáil, agus ón rialtas freisin is dócha maidir leis na fórálacha a bheadh i leasú ar bith ar an mBunreacht. Cé gur choiscéim chinntitheach a bhí sa mháirseáil seo, tá fanacht gan críoch intuigthe sna hinstitiúidí a rialaíonn an cinneadh sin agus cruthaíonn sé seo dúshláin tromchúiseacha do ghluaiseachta atá ag iarraidh tacú agus aontas a bhuanú.