Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 19, 2017

Corraitheach go Teoiriciúil, Tá Baol go mBainfidh Scoileanna an Bonn ó Thionscnamh Oideachais na Tríonóide

Agus muid ag tabhairt airde d’iompar an Choláiste ar leibhéal na Scoileanna agus na Roinnte, is dócha go mbeidh deacrachtaí in athnuachan TEP.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá ollchóiriú uaillmhianach chláir fochéimí an Choláiste, Tionscnamh Oideachais na Tríonóide, ag dul tríd a chéim leathdhéanach pleanála agus feidhmithe, roimh iontráil a chéad dream mac léinn sa bhliain 2018. Athróidh cuid mhór de na smaointí atá bainteacha le Tionscnamh Oideachais na Tríonóide struchtúr reatha an Choláiste agus beidh mórán leasuithe intuighte leis, scrúduithe na Nollag, ábhair roghnacha nua agus slíthe iontrála difrúla ina measc.

Tá fáilte curtha roimh Thionscnamh Oideachais na Tríonóide go teoiriciúil, mar aathnuann sé seanchóras a chuir an iomarca brú ar mhic léinn agus a chuir constaicí aite rompu. Áfach, cé go bhfuil cuid mhór den phleanáil a bhaineann leis dearfach, agus is dócha go gcruthóidh sé athnuachan agus dul chun cinn, braithfidh Tionscnamh Oideachais na Tríonóide go mór ar fheidhmiú ó na scoileanna agus na roinnte chun rath a bhaint amach. Ach, léiríonn iompar an Choláiste roimhe sin gurbh fhéidir go mbeidh deacrachtaí leis sin.

Maidir le mionsonraithe modúl, scrúduithe aagus eagraíocht laethúil, tá Coláiste na Tríonóide mícháiliúl as a chumas castacht a chur le gach próiseas. Dealraíonn sé go bhfuil sé an iomarca iarraidh ar scoileanna scrúduithe na Nollag a eagrú agus a chur i gcrích, nuair ata siad faoi láthair ag streachailt le tacar amháin scrúduithe bliantúla. Is dócha nach mbacfaidh cuid mhór dóibh le scrúduithe na Nollag mar níl sé de dhualgas orthu é sin a dhéanamh. Éiríonn na scéalta chéanna gach bliain, agus a dheacrachtaí féin ag gach mac léinn maidir le scrúduithe. An bhliain seo caite, bhí gach ceann de sé scrúduithe do mhic léinn síceolaíochta sa cheathrú bliain ar siúl i dtréimhse seacht lá. Níl ach dhá scrúdú ag mic léinn Béarla sa cheathrú bliain faoi láthair, ach níl sé soiléir nach gcuirfidh a Scoil an dá cheann sin ar siúl ag deireadh na bliana. An mbeidh ualach oibre níos troime ag na mic léinn sin dá bharr an athraithe sin?

ADVERTISEMENT

Idir Eolaíochtaí, Matamaitic agus Innealtóireacht agus Ealaíona, Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta, tá droch-chlú ar chumas eagraithe Choláiste na Tríonóide. Cé go bhfuil Tionscnamh Oideachais na Tríonóide dearfach agus corraitheach go teoiriciúil, tá seans ann go ndéanfaidh na scoileanna faillí dá bharrshamhlacha.