News
Mar 11, 2017

Sonraíodh “Ceiliuradh na mBan” ag Pointe Casaidh idir Seachtain na Gaeilge agus Seachtain na mBan

I rith oíche lán le ceol agus comhrá, chuir an comhphobal Gaelach gné dhátheangach le Seachtain Idirnáisiúnta na mban.

Philip McGuinnessScríbhneoir Foirne Sinsearach
blank
TCD Photo

Cuireadh críoch le seachtain lán d’imeachtaí ar an Aoine 10ú Márta le ‘Céiliúradh na mBan’ curtha i láthair ag Oifig na Gaeilge in éineacht leis an gCumann Gaelach i Seomra na Gaeilge ag am lóin.

Seachtain rathúil a bhí i gceist don chumann agus don Ghaeilge sa choláiste tar eís an gradam don ‘Cumann Mór is Fearr’ sa choláiste bronnta ar an gCumann Gaelach óiche Dé Chéadaoin.

Ullmhucháin atá ar siúl faoi láthair chomh maith do Sheachtain na Gaeilge ata ag druidim linn anois, ag tosnú Dé Luain seo chugainn agus mar chróiláir na n-imeachtaí i gcomhair Lá Fhéile Phadráig.

ADVERTISEMENT

Ceilliúradh dhátheangach a bhí ann, ag tabhairt solais ar ghaiscí na mban maidir leis an nGaeilge agus leis an mBéarla araon.

Slua mór a bhí i láthair don ocáid, cuireadh soláistí ar fáil do chuairteoirí a tháinig chun tí agus rinneadh giota chomhrá i measc na ndaoine trí mhéan na Gaeilge, chomh líofa agus is féidir.

Bhí ceoil ansin le cluinstin ó bhaill na Scéime, Ríoghnach Hyland agus Aoife Enright, ionadaithe do mhná a bhfuil páirteach sa cheoil agus sna healaíona.

Labhair Oifigeach Chomhionannais sa Choláiste faoi stair Lá Idirnáisiúnta na mBan agus an sár-obair atá déanta go dtí seo ag na mná ach fós go bhfuil gá le hathruithe. Chuir sí béim chomh maith ar na steiréitíopaí atá fós le feiscint inár sochaí. Rinne sí tagairt don bharúil coitianta go bhfuil cailíní níos cumasaí ag na teangacha i gcomparáíd leis buachaillí agus go bhfuil cumas níos airde ag na buachaillí sna hábhair ar nós na matamaitice agus gur gá go dtiocfadh deireadh leis an meon seo go luath.

Ócáid rathúil a bhí i gceist d’Oifig na Gaeilge a chuir tús leis na himeachtaí do Sheachtain na Gaeilge. Tugtar le fios dúinne go bhfuil neart imeachtaí spleodracha ar nós an chinn seo le teacht i rith na seachtaine atá romhainn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.