Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 2, 2017

Le Teacht an tSamhraidh, Caithfidh Gníomhaithe Mac Léinn an Baol i Sos Ceithre Mhí a Aithint

Cé go raibh rath dochreidte ag feachtais ar nós Fossil Free TCD agus Strike 4 Repeal i mbliana caithfimid aithint go gcaillfimid deiseanna ar son athraithe má chaillimid suim.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ghabh gníomhaíocht mac léinn ceannas ar an mbliain, agus níl samplaí níos soiléire ná Máirseáil ar son Aisghairm i Meán Fómhair agus Máirseáil ar son Oideachas a smachtaigh an chathair le haghaidh uaireanta ar an 8ú Márta.

Agus críoch na bliana acadúla ag teacht chugainn go luath, is féidir siúl siar ar na héachtaí a rinne gníomhaithe mac léinn i mbliana. Seans an go mbaileoidh na comhartha lámhdhéanta deannach i dTeach 6 nuair a bheidh sos ceithre mhí ag gníomhaíocht na mac léinn. Nuair a chríochnaíonn an téarma, leathnaíonn na míonna fada amach roimh mhic léinn. Agus deiseanna J1, taisteal agus obair rompu, siúlann mic léinn siar ó chúrsaí an Choláiste, chun a n-aird a dhíriú ar chúrsaí eile.

An samhradh seo áfach, níl mic léinn in ann sos a thógáil. Ag cruinniú i gColáiste na Tríonóide le linn na seachtaine, bhuail baill Strike 4 Repeal, ó ollscoileanna ar fud na cathrach, chun a n-ullmhúcháin a bpleananna do fheachtas ar son reifrinn faoin ochtú leasú. Agus í ag labhairt le The University Times, dúirt Kerry Guinan, eagraí Strike 4 Repeal go raibh sé “tábhachtach an móiminteam a bhuanú”. Gan cinneadh i dtreo reifrinn go fóill, threisigh sí gur gá do mhic léinn an brú a chur ar an rialtas fós.

ADVERTISEMENT

Tá móiminteam, ar ndóigh, ríthábhachtach do gach feachtas. Ní trí thimpiste a fhreastlaíonn mic léinn ar agóidí nó feachtais. Threisigh Michael Kerrigan, Uachtarán Toghaí Aontas na Mac Léinn in Éirinn tábhacht feachtas na cosmhuintire in agallamh le The University Times roimh a thoghchán.

Beidh na míonna amach romhainn rítrhábhachtach don troid ars son ardoideachais saor in aisce. Tá Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais fós ag cur le céile a cuid moltaí don Aire Oideachais, Richard Bruton a dhéanfaidh cinneadh go luath faoi scéimeanna iasachta a chur i bhfeidhm nó gan é seo a dhéanamh. Tá seans ann go mbeidh feachtas ollthoghcháin, cinneadh faoi chóras maoinithe agus díospóireacht faoin ardoideachas sa mhórshruth le linn an tsamhraidh. Sin an t-uair is measa le haghaidh dearmad a dhéanamh ar an ngníomhaíocht.

Nuair a fhillimid i Meán Fómhair beidh mic léinn nua i gceannas ar aontais ar fud na tíre agus beidh gníomhaithe Strike 4 Repeal in eagraíochtaí nua. Ach ní bheidh a rath cinnte mura leanfaimid ag obair, ag brústocaireachta agus eagrú don bhliain tábhachtach ata amach romhainn.