Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 28, 2017

B’fhéidir go mBeidh Tubaiste do Ollscoileanna agus Mic Léinn in Iarmhairtí Mí-Iompair Airgeadais

Iarann ollscoileanna féinriail ón stát agus tá mic léinn ag éileamh córas maoinithe ag an stát. Gortaítear iad go léir tar éis mí-iompar airgeadais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I mí na Samhna 2016, d’ardaigh an Propast Patrick Prendergast, i seomra a bhí lán le hacadóirí ag Acadamh Ríoga na hÉireann, buncheist atá lárnach do thodhchaí ollscoileanna na hÉireann ach is annamh a phléitear í go poiblí. Agus é ag caint le hiar-phríomhoifigeach feidhmeach Údarás Ardoideachais Tom Boland, chuir Prendergast ceist roimh leibhéil rialacháin stáit in ainneoin leibhéal maoinithe ón stát a bhí ag titim: “An féidir linn leanúint ar aghaidh leis an gcóras maoirseachta reatha?”

Cé gur dea-phoiblithe atá an titim maoinithe do ollscoileanna a thagann ón stát, déantar obair suntasach go fóill chun tacú an phobail a dhíriú ar ár n-institiúidí. Agus más dúshlán mór atá maoiniú bhreise a fháil, beidh dul chun cinn de shaghas ar bith maidir le féinriail beagnach dodhéanta – go háirithe agus an earnáil ag croílá scannail phoiblí faoi bhaill foirne sinsearaigh a chuir an Coiste um Chuntais Phoiblí ar míthreoir agus cuid de ollscoileanna a chaith amú méid ollmhór airgid na gcáiníocóirí.

Tá a fhios ag mórán daoine go bhfuil ceannairí na n-ollscoileanna i bhfabhar scéimeanna iasachtaí chun ardoideachas a mhaoiniú, agus baineann sé sin le féinriail agus cur isteach ón stát i measc cúrsaí eile. Ach mura bhfuil sé indéanta iontaobh a chur in ollscoileanna a gcúrsaí féin a bhainistiú, b’fhéidir nár leor spleáchas laghdaithe ar airgead an stáit smacht an stáit a laghdú a fhírinniú.

ADVERTISEMENT

Do mhic léinn, atá, mar phointe chodarsnachta, don chuid is mó i bhfabhar córas a mhaoiníonn an stát, cúis dóchais a bhí in easaontacht fianaise agus in aimhleisceas ball an Choiste Oideachais agus Scileanna tacú le scéim iasachtaí agus cinneadh ar chóras maoinithe ag druidim. Áfach, is mór an gortú atá i ndiomailt airgid ar bith agus an ghluaiseacht fós ag iarraidh áiteamh ar an bpobal.

Agus muid ag iarraidh cinnidh ón rialtas agus tacú an phobail, is tubaiste ó thaobh caidreamh poiblí de atá i gcoiste rialtais a chur ar míthreoir maidir le hairgead poiblí. In áit iarrachtaí le déanaí iad féin a iníslú agus maitheas poiblí an oideachais a léiriú, tá ceannairí ollscoile anois á chúiseamh as “sotal”. Cé go bhfuil aidhmeanna difrúla ag mic leinn agus ollscoileanna, is iad go léir atá gortaithe ag na taispeántaí le déanaí.