Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 28, 2017

Rachaidh Gairmeacha na gCéimithe thar Nuálaíocht, agus Ba Cheart go Leanfadh Mianaidhm Choláiste na Tríonóide

Ní féidir leis an oideachas iomlanaíoch atá á soláthar ag ollscoile ar bith agus atá ag teastáil ó shochaí é féin a chur idir teorainneacha na nuálaíochta agus cruthaitheachta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta anuas, tá Coláiste na Tríonóide tar éis cúram is déánaí an ghnó maidir le nuálaíocht agus fiontraíocht a chuimsiú. Is dea-phoiblithe an cuimsiú seo. Ag lón de chuid an Chumainn Ghnó Heilvéiseach-Éireannach sa bhialann 1592 le linn na míosa seo, threisigh an Propast, Patrick Prendergast tuairisc oibre Choláiste na Tríonóide maidir le nuálaíocht, agus é ag déanamh tagartha do iontráil na hollscoile i gConradh Ollscoileanna Taighde na hEorpa (LERU) agus a rangú mar an ollscoil is fearr ó thaobh cothú fiontraithe de de réir an ghnólachta taighde Pitchbook, mar fhianaise de dhíograis i dtaobh nuálaíochta. Tá aithne ag mic léinn cheana féin ar na háiseanna fiontraíochta mar Blackstone LaunchPad agus Launchbox atá comhtháite sa champas. Léiríonn pleananna do fhorbairtí nua an dílseacht chéanna, agus Mol Nuálaíochta agus Fiontraíochta le tógáil i bhfoirgneamh nua do Scoil an Ghnó.

Ba cheart do ollscoileanna, agus an sochaí ina iomlán, nuálaíocht, cibé acu i bhfoilsiú taighde a aistríonn paraidíme nó i hngnólacht nuathionscantaa chruthú atá sé, a lorg ina gcuid céimithe. Is de bharr in gur gá fáilte a chur roimh méadú tiomantais an Choláiste le déanaí don chuid is mó. Leoga, is dócha go bhfuil an tiomantas sin níos inchosanta fós agus sean-cinnteachtaí ag dul in éag de réir dealramh agus go háirithe nuair atá ollscoileanna ag iarraidh a mbeithsine féin a chosaint roimh fo-mhaoiniú leanúnach.

Ach ní féidir leis an oideachas iomlanaíoch atá á soláthar ag ollscoile ar bith é féin a chur idir teorainneacha na nuálaíochta agus cruthaitheachta. Ní laghdaíonn riachtanas nuálaíochta tábhacht córais atá ann faoi láthair a chothabháil. Leoga is fianaise cáilíochta agus éifeachtachta na nuálaíochtaí atá thart nach dtéann siad go tobann in éag agus athsholáthar a éileamh. Áfach, chomh tapa agus is féidir linn nuálaíochtaí nau a chruthú, ní feidir a shéanadh an fhírinne go mbraithfidh cuid mhór de fheidhmiú ár sochaí ar ghné éigin de leanúnachas lena bhfuil caite.

ADVERTISEMENT

Beidh céimithe Choláiste na Tríonóide ag obair go dian dícheallach chun córais nua a fhorbairt agus cinn níos sine a chothabháil, agus ba cheart go mbeadh sé sin soiléir ó thosaíochtaí léirithe bainistíochtaí na hollscoile. Cé gur cheart go mbeadh tacú agus acmhainní den saghas a chonacthas cheana féin dírithe fós ar nuálaíocht, ach laghdaíonn ganntanas an tacaithe sin do obair chothabhála riachtanach luach na hoibre sin i súile an phobail agus meas na ndaoine a dhéanann iad.