Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 11, 2017

Caithfidh Vótóirí Óige Cor Cinniúna a Dhéanamh de Thoradh an Ollthoghcháin

Níos soiléire atá an deighilt idir dearcthaí na hóige agus daoine níos sine, agus tá guth na hóige níos tábhachtaí ná riamh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Chomh maith lena n-easpa intuarthachta agus an t-anord a chruthaíonn siad sna margaí airgeadra, tá tréith roinnte ag na toghcháin is suntasaí le blianta anuas. Is minic a deirtear linn anois go mbraithfidh gach rud ar “vótáil na hóige.” Cibé acu an vótáil faoi imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach nó toghchán Uachtaráin na Stát Aontaithe, deirtear linn go n-athródh an toradh go mór, dá vótálfadh go leor daoine óga, agus sa bhealach lena raibh siad ag tnúth leis.

Má tá fírinne sa ráiteas seo, tá sé ar “vótáil na hóige” aontacht a bheith aige. Tá sé feicthe againn gur fíor é seo, mar bhí an chuid is mó de dhaoine óga i gcoinne Trump, i na Breatimeachta, agus i bhfabhar Jeremy Corbyn san olltoghchán sa Ríocht Aontaithe an tseachtain seo caite. In Éirinn, bhí an chuid seo de vótóirí ag iarraidh comhionannas pósta a chur i bhfeidhm agus tá sé anois go mór ag iarraidh an t-ochtú leasú a aisghairm. Deirtear linn nach raibh an deighilt idir daoine óga agus daoine níos sine chomh leathan riamh is atá sé an lae inniu. Agus, má tá cuid mhór de fhoilseacháin i gceart, agus is é deighilt na nglúinte mar an deighilt is mó sa Bhreatain faoi láthair, níl dara rogha ag daoine óga. Caithfidh siad dul chun vótáil má tá siad ag iarraidh sochaí a chuireann a bhfís i gcrích.

Chuaigh na daoine óga sin chun vótáil sa Ríocht Aontaithe an tseachtain seo caite. Scuainí fada taobh amuigh de ionaid vótaíochta i mbailte ollscoile, rud a thug do Pháirtí an Lucht Oibre an mhéadú is mó dá vótaí ón mbliain 1954. Ceaptar go ndeachaigh 72 faoin gcéád de dhaoine óga chun vótáil, ach ní dheachaigh ach níos lú ná 70 faoin gcéad den daonra ina iomlán chun vótáil. Deireann ceannlínte ar fud an domhain, an Guardian, Mirror agus an New York Times ina measc, gur athraigh guth na hóige toradh an toghcháin seo, agus gurbh fhéidir gur athraigh sé todhchaí na Breatimeachta agus todhchaí na polaitíochta san Eoraip freisin.

ADVERTISEMENT

Tar éis toradh an reifrinn maidir le Breatimeacht, bhíothas ag scigmhagadh faoi dhaoine óga nach ndeachaigh chun vótáil maidir le cinneadh a raibh tionchar mór aige orthu, is dócha gur athraigh siad a ndearcadh. Is gá é seo a bhuanú. Ní féidir an móiminteam seo a bhuanú agus an gnáthrud a dhéanamh dena ceannlínnte seo, ach trí vótáil agus feachtasaíocht a dhéanamh, agus tá cumarsáid leanúnach le hionadaithe agus eagraíocht cheart mar ghnéithe de sin.

Rinne Corbyn cearrbhachas agus bhí guth na hóige mar aidhm aige. Bhí rath aige. Ach go dtí go bhfeicfidh polaiteoirí, bliain i ndiaidh bliana, toghchán i ndiaidh toghcháin, go mbeidh sluaite móra agus inbhuanaithe ag dul chun vótáil, ní bhacfaidh cuid mhór dóibh béim a chur ar mhianta an ghrúpa sin.

Ní féidir smaoineamh air seo mar asluiteach, nó mar chás díoltais tar éis na Breatimeachta. Mura mbuanófar vótaí na hóige, agus mura n-aithneofar nár aimhrialtacht a bhfuil i gceist, bheidh sé ró-éasca an dul chun cinn seo a fhreaschur.