Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 5, 2017

Milleann Moill an Rialtais Réiteach Iostais ón Earnáil Phoiblí

I margadh atá á smacht ag forbróirí phríobháideacha, ní féidir le hollscoileanna iostais a sholáthair go héifeachtach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Do chuid dena mic léinn a bhí rath acu agus iad ag iarraidh iostas a fháil ar champas nó i Halla na Tríonóide, is dócha go bhfuil cuma mhí-ámharach ar na méaduithe cíosa de réir go dtí 10 faoin gcéad. Áfach is dócha nár mór an t-ionadh a chuireadh ar chuid níos mó de dhaoine, agus minicíocht níos mó ag na méaduithe sin i dtairiscintí bliantúla iostais. Leoga, is dócha go mbeidh cuid mhór de mhic léinn, a bhfuil aithne acu ar staid míthrócaireach an mhargaidh cíosa i mBaile Átha Cliath, sásta go bhfuil áit chónaithe cinntithe acu don bhliain acadúil nua.

Cuireadh na méaduithe cíosa i bhfeidhm chun infheistíocht agus athchóiriú a dhéanamh maidir le seirbhísí iostais an Choláiste. Roimh na ganntanais atá ann faoi láthair, tá mian an Choláiste infheistíocht níos mó a dhéanamh i iostas do mhic léinn atá in easnamh go práinneach dearfach gan amhras. Tá tacaíocht faighte ag ollscoileanna agus a dtiomantas do iostas do mhic léinn a fhorbairt ó plean gníomhartha an rialtais a fhoilsíodh i mí Iúil anuraidh. I measc na dtograí a bhí ann, bhí ceapadh oifigí nua a bheadh freagrach do iostas do mhic léinn, pleananna do 7,000 spásanna nua roimh an mbliain 2019 agus do straitéis nua i dtreo iostais do mhic léinn.

Áfach, theorannaigh an mhoill fhada sin éifeachtacht na hearnála poiblí agus iad ag iarraidh an ghéarchéim a réiteach. Cé go bhfuil an réimse iostais do mhic léinn ag fás le blianta, is forbróirí phríobháideacha a chuir go mór leis sin, agus tá cuid acu ag éileamh €250 sa tseachtain mar chíos. Cruthaíonn rath na bhfrobróirí sin deacrachtaí móra do Choláiste na Tríonóide agus iad ag iarraidh dul in iomaíocht sa mhargadh seo, agus tá sé mar thoradh ar seo gur theip ar chuid de iarrachtaí an Choláiste suíomhanna chun áiseanna iostais a fhorbairt a fháil. In áit áiseanna dó féin a fhorbairt, tá rogha Choláiste na Tríonóide teoranta, agus ní féidir leis ach léas a fháil óna forbróirí sin chun cinntiú go mbeidh spásanna ar fáil do mhic léinn, ach ar phraghas níos airde.

ADVERTISEMENT

Is mar iarmhairt tromchúiseach den easpa gníomhartha maidir le gné amháin na géarchéime milltí tithíochta atá laghdú cumais an rialtais agus na n-ollscoileanna an réiteach a mhunlú. Nuair atá éileamh mór atá ag fás go tapa, níl amhras go ndéanfaidh an earnáil phríobháideach rud éigin ina threo. Tá aithne mhaith ag Éirinn ar thréimhsí amhantraíochta réadmhaoine, agus cheapfaí go mbeadh an rialtas an-chúramach maidir leis sin. Ach, agus iad ag déanamh é seo, agus suíomhanna oiriúnacha á cheannach go tapa acu, caolóidh rogha na hearnála poiblí go mór.