News
Jun 21, 2017

Tagann An Triú Scéim Gaeilge de chuid Coláiste na Tríonóide i bhFeidhm

Tar éis próisis comhairliúcháin fairsinge, d’fhógair Rúnaí an Choláiste tús na scéime nua inniu.

Philip McGuinnessSenior Staff Writer
blank
Sinéad Baker for The University Times

I ríomhphost seolta ó oifig an rúnaí i gColáiste na Tríonóide chuig baill foirne, focheimithe agus iarchéimithe, fograíodh go hofigiúil inniú go bhfuil an Triú Scéim Gaeilge sa choláiste tagtha i bhfeidm anois. Tháinig sé i bhfeidhm beagnach trí sheachtain ó shin ar an 1ú Meitheamh.

Dar leis an ríomhphost féin, tá sé ar intinn ag an ollscoil mar chuid den scéim seo, ‘raon tiomantas maidir le soláthar seribhísí dátheangacha’ a chuir i gcion ar feadh trí bhliain go dtí Mí Meitheamh 2020.

Bhí an scéim nua seo á ullmhú ag fochoiste Coiste na Gaeilge faoi cathaoirleacht an Phropaist. Mar chuid den ullmhúchán, bhí comhairliúchán le baill foirne agus mic léinn curtha ar bun ar líne agus bhí cruinniú Halla an Bhaile á reachtáil orthu chomh maith.

ADVERTISEMENT

De réir an ríomhphoist a sheoladh amach inniú, ‘’rinneadh go leor moltaí cabhrach agus nochtadh tuairimí éagsúla’ le linn an phroiséas comhairliúcháin seo.

Aidhm na scéime ná forbairt nua a dhéanamh ó thaobh soláthar na seirbhísí de i ndiaidh an cur chun chinn ollmhór ata déanta ó 2010 agus an chéad Scéim Ghaeilge sa choláiste. ‘Tá breis gealltanais sa Triú Scéim do sholáthar seirbhísí; lena n-airítear fíosrú maidir le soláthar cursaí ar líne’.

Tá gealltanas eile ann maidir le ‘suaitheantas dheonach don fhoireann agus do mhic léinn a léireoidh a dtoilteanas idirghníomhú nó gnó a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge’.

Sin an triú scéim teanga de chuid Choláiste na Tríonóide le linn an deich mbliana seo. San fhógra seo inniu, cuirtear béim suntasach ar ‘an obair déanta i soláthar seirbhísí dátheangacha, neartú na scéimeanna chónaithe Gaeilge, oscailt Sheomra na Gaeilge i 2013 agus tionscnamh Polasaí na Gaeilge sa Choláiste’.

Tagann an scéim úr seo chun solais tar éis bhliain ar dóigh don teanga sa Choláiste. Mar haon leis an líon mór dhaoine a bhaineann úsáíd as na ranganna Gaeilge agus an chaighdéan ard d’imeachtaí éagsúla a eagraíonn Oifig na Gaeilge agus an Cumann Gaelach achan bhliain, bhí an cumann seo ainmnithe mar ‘An Cumann Gaeleach is fearr sa Tír’ mar chuid de ghradaim Glór na nGael i 2016 tar éis an rath a bhí acu cheana féin i 2012, 2013 agus 2014.

Beidh an fochoiste thuasluaite thuas i mbun maoirseachta ar an scéim úr seo le linn na blianta atá amach romhainn go dtí Meitheamh 2020. Beidh ról tábhachtach ag Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane mar pháirt de thiomantas seirbhísí dhátheangacha.

Ag caint leis an University Times faoin triú scéim teanga san ollscoil,, dúirt Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane gur ‘togáil atá inti ar an obair uile atá déanta thar na blianta ag réimse leathan daoine anseo chun an teanga náisiúnta a láidriú agus a larnú i saol an cholaiste.

Ag déanamh tagairt ar an tionchar a bheidh ag an scéim nua seo ar stádas na teanga sa choláiste, luaigh sé, ‘Táimid dóchasach go mbeidh dea-thoradh agus dea-thionchar aici ar staid na teanga sa choláiste agus sa saol mór, amach anseo’.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.