Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 20, 2017

Ba chóir go mbeadh níos mó béime curtha ar mhic léinn nach bhfuil in ann ciapadh gnéis a aithint i gceart.

Dar leis an tsuirbhé a rinne Ollscoil na Banríona, níl mic léinn in ann ‘ciapadh gnéis’ a aithint i gceart. Ba chóir go mbeadh béim ar an gcás seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhíothas ag súil le suirbhé faoi thoiliú i dTuaisceart na hÉireann le fada anois. Leis an gcomhrá
náisiúnta curtha ar bun le linn na blianta beaga anuas, rinne Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste a suirbhé féin chun tuairimí na mac léinn a asbhaint maidir le fadhb an chiaptha ar champas agus sa sochaí go ginearálta.

Cur chuige ceannródaíoch atá i gceist leis an tsuirbhé seo. Thar aon rud eile, cuireann sé léargas suimiúil ar fáil maidir leis na tuairimí éagsúla atá ag na mic léinn agus an tslí ina ghníomhaíonn siad ina aghaidh.

Níor thug formhór de na freagróirí ‘ciapadh gnéis’ ar a dtaithí féin, b’shin an ghné is scanrúla faoi. Tá an íomhá thugann siad soiléir, ‘ciapadh gnéis’ atá i gceist ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sé sin ar eolas acu. Tá catagóirí ann is féidir a sháiniú go héasca, pógadh nach bhfuil ag teastáil, ag crúbáil agus ciapadh gnéis a thugann íomhá ríshoiléir ar an bhfadhb seo in Éirinn.

ADVERTISEMENT

Ní haon ionadh é nach bhfuil mórán daoine toilteannach cuntas a thabhairt ar an gcoir seo. Tá na cúiseanna seo a leanas ag barr an liosta, rud atá an-scanrúil sa lá atá inniú ann; ‘ní raibh an choir tromchúiseach go leor’ agus ‘go raibh náire orm’. Tá mearbhall fós ar dhaoine. Cé go raibh an tsuirbhé curtha ar bun sa Tuaisceart, bheadh na fadhbanna cosracha sin díreach mar an gcéanna i Poblacht na hÉireann.

Tá an comhrá náisiúnta i leith an ábhar seo fós ag fás agus ag forbairt ar fud na tíre. Tá sé sin le feiceáil leis na ranganna nua thoilithe a bhí curtha i bhfeidhm i gcolaistí éigin sa tír. Is údar mór imní é go bhfuil an mearbhall seo fós ann. Ní thabharfaidh sé sin misneach ar bith do dhaoine mar gheall ar an imní a bheadh orthu.

Léiríonn an tsuirbhé go follasach nach bhfuil tuiscint mhaith ag mhic léinn maidir leis an gciapadh gnéis. An dúshlán atá ann anois ná iarracht a dhéanamh chun éifeacht a bheith againn ar an bhfeachtas agus ar thuairimí coitianta sa sochaí. Caithfimid dul i ngleic leis na daoine atá ciontach as na coireanna sin látihreach.