Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 22, 2017

Taispeánann Toghchán Ionadaí Ranga Go gCaithfidh TCDSU Athmhachnamh A Dhéanamh Ar Rannpháirtíocht

Is droch-chomhartha í an easpa rannpháirtíochta i dtoghcháin ionadaí ranga don aontas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is cúis imní í nuacht na seachtaine, go bhfuil 172 ranganna gan ionadaíocht san Aontas Mic Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU), ar roinnt leibhéil. I dtús báire, táispeánann sí dúinn céard a d’fhéadfaimís a bheith ag súil ón aontas i mbliana, ach ardaíonn sé ceisteanna freisin faoi chumas an aontas chun dul i mbun oibre le mic léinn i ngach cúrsa, i ngach bliain.

Dealraíonn sé go ndearna ceannaireacht an aontas dearmad nach bhfuil an iomarca suim ag gach duine san aontas. Is éacht í suim a mhúscailt i gcodán beag den 17,000 mic léinn sa choláiste, agus tá sé fíor-dheacair an meon dígeanta atá riachtanach chun beith rathúil san aontas a spreagadh iontu.

Cé nach aisteach é an-aisteach roinnt ranganna gan ionadaíocht a fheicéail roimh eachtra oiliúna bhliaintiúil an aontais, tá scála an na faidhbe as cuimse – tá roinnt craobhacha gan ionadaíocht ar bith. Tá sé i bhfad ó “gnáthrud” a dhearna Alice MacPherson, Oifigeach Oideachais an Aontais, cur síos ar.

ADVERTISEMENT

Anois, is léir go bhfuil TCDSU ag lorg “duine ar bith”, agus ag tairiscint níos mó ná céad spotaí ar a bhforas cinnteoireachta don céad daoine eile a dtéann i dteagmháil leo. Cuireann sé seo cuma suarach agus mí-eagraithe ar an aontas. Is droch-chomhartha é do chomhairle an aontais; tá práinn le mic léinn gníomhach díograiseach chun a gcomhrádaithe a ionadú i gceart.

Ag faradh amach anseo, is tábhachtach a rá nach as an aer a thagann oifigí shabóideach poitéinsiúla. Tosaíonn siad mar ionadaí ranga tiomanta.

Mar gheall ar sin, is fadhb í anois agus is fógra í do fadhbanna sa todhchaí, toisc gur féidir le bliain amháin le easpa rannpháirtíochta dochar mór a dhéanamh ar feadh blianta amach anseo. Is mithid don aontas athmhachnamh a dhéanamh ar a straitéis rannpháirtíochta na mic léinn. D’fhéadfadh an Clár Náisiúnta Rannpháirtíochta na Mic Léinn, a thug TCDSU cluas bhodhar dó go dtí seo, réiteach a thabhairt dóibh.