Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 19, 2017

Ba cheart don Fheachtas Soláthair Díreach Brú ar TCDSU Chun Seas Lena Sainordú

Má tá sé ar intinn ag Aramark Off Our Campus dul i ngleic leis an bhfadhb, caithfidh sé a bheith páirteach i gcomhrá níos fairsinge.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Má tá sé ar intinn ag Aramark Off Our Campus dul i ngleic leis an bhfadhb, caithfidh sé a bheith páirteach i gcomhrá níos fairsinge.

Seoladh an feachtas Aramark Off Our Campus ar an gCéadaoin, le iar-áithritheoirí, agus áithritheoirí reatha, ag déanamh cur síos ar na coinníolacha uafásach ann, le cainteoir amháin ag déanamh comparáid idir é agus an braighdeanas.

Níl gar a shéanadh gur módh crualach é an córas soláthair díreach chun fáilte a chur roimh daoine a raibh orthu teith óna bhfód dúchais. Le blianta beaga, mhúscail eolas faoi réalachas an saoil sna ionaid seo fearg fhíréin i muintir na tíre, agus spreagadh stocaireacht in aghaidh an chórais. I 2014 rith Aontas na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide rún, ag tabhairt údarás don
aontas dul i mbun feachtais in aghaidh an soláthair díreach. Níl mórán gníomhartha feicthe go dtí seo.

ADVERTISEMENT

Is íontach é gur fhás an feachtas seo ón iarracht cosmhuintire do dornán beag mic léinn. D’fhiosraigh siad na nascanna idir an choláiste agus an córas neamhthrócaireach tithíochta do lucht iarrtha tearmainn. Ag díríú ar an comhlacht bhia Aramark, a thosaigh ag díol bia do mhic léinn sa Hamilton agus atá á íoc ag an rialtas chun bia a shóláthar sna ionaid soláthair díreach,
tá an feachtas ag díriú ar chuid bheag don chóras.

Ar ndóigh, is minic a fhorbraíonn feachtais beaga agus go ndéanann siad éifeacht suntasach. D’fhéadfach an feachtas tionchar níos fairsinge a dhéanamh in aghaidh an soláthar díreach amach anseo.

Ach, sa deireadh thiar thall, ba cheart dóibh cuimhnigh ar tábhacht an cómhrá níos leathainedon fheachtas. Gan tacaíocht an TCDSU, sé deacair a samhlaigh go mbeadh níos mó ná tionchar siombalach aige. Bheadh an seans ratha is mó ag an bhfeachtas dá gcuirfeadh an foireann taobh thiar de brú ar TCDSU chun seas lena sainordú. Ar ndóigh, ní fúthú amháin atá sé é sin a dhéanamh. Ach, mura tharlaíonn sé, is dócha nach mbeadh aon rath ar bith ag an bhfeachtas.