News
Nov 7, 2017

Bua ag Fhoireann Díospóireachta na Tríonóide ag an Oireachtas

Bhí an bua ag James Kirwan agus Colm O’Néill sa comórtas díospóireachta Gael Linn triú leibhéal Dé Sathairn.

Philip McGuinnessEagrathóir na Gaeilge
blank
Cumann Gaelach

Bhain James Kirwan agus Colm O’Néill, foireann díospóireachta na Tríonóide an Chraobh Cómortas Díospóireachta Gael Linn/Irish Times tríú leibhéal amach ag an deireadh seachtaine agus an Oireachtas i gCill Airne.

D’éirigh leis na mic léinn seo i gcoinne foirne eile ó OÉ Gaillimh, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

Ba é an rún a bhí á bplé acu ná ‘Is miotas é stádas amaitéarach Chumann Lúthchleas Gael gan fuacht, gan faitíos! Cosúil leis an gcomortás dara leibhéal, bhí seacht nóimead ag achan cainteoir chun a chuid tuairimí a chur in iúl don lúcht éisteachta agus bhíothas in ann pointe eolais a thabhairt do chainteoirí i rith na hocáide.

ADVERTISEMENT

Bhí foireann Coláiste na Tríonóide ag argóint i gcoinne an rún agus dar leis an bpreasráiteas foilisithe ag Gael Linn, chuaigh a gcuid argóintí go mór i gcion ar na moltóirí, James Kelly, Bríd de Búrca agus Cathal Póirtéir. Bhronn Dealgan Ó Cuill an Corn Gael Linn/Irish Times orthu mar haon le duais 100 eur an duine ar an lá.

Ba iad foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a tháinig sa dara háit, agus bronnadh bonn cré-umhadh agus duais de €50 an duine ar Dharragh Mac Giolla Phádraig agus ar Chlíona Ní Ghallchóir.

Mhol Dealgan O’Cuill, iarpheileadóir Chiarraí agus ionadaí Chiarraí leis an CPA, an teacht i láthair agus an cumas argóna a bhí ag na cainteoirí ar dhá thaobh an rúin, maraon le féith an ghrinn!

Glacann na foirne ó na hinstitiúdí triú leibhéal ar fud na tíre páirt sna réamhbabhtaí agus i ndiaidh sin, roghnaítear ceithre fhoireann le dul ar aghaidh agus chun páirt a ghlacadh sa babhta ceannais ag an Oireachtas achan bhliain i Mí na Samhna. Tá an comórtas ar an bhfód le seacht mbliana anuas ón bhliain 2010 agus ag laidriú ó bhliain go bliain.

Eagraítear an comórtas le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge i gcomhar le Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill, Comhordaitheoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge chomh maith.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: “Mórócáid na mac léinn ag an Oireachtas is ea Comórtas Díospóireachta Gael Linn. Is cuí gur le linn an Oireachtais atá an comórtas ar siúl mar go bhfuil mic léinn ó gach cearn den tír ag nascadh snaidhm cairdis lena chéile trí Ghaeilge. Go háirithe, is mór le Gael Linn daoine a fheiceáil ag dul ar teacht chun cinn ónár gcuid comórtas dara leibhéal.”

Ag caint leis The University Times, dúirt Oifigeach Díospóireachta an Chumainn Gaelaigh, Blánaid Kearney: “Bhí ardchaighdéan léiríthe ag achan cainteoir ag craobh an chomórtas, go háirithe ag James agus Colm. Léirigh siad paisean don ábhar, cumhra i láthair agus ocras don bhuachan. Ní féidir a sheanadh go raibh sé go hiomlán tuillte acu agus tá me ar mhuin na muice dóibh!”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.