Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 19, 2017

Ní Bheart Smachtúil Í Ballraíocht Éigeantach An Aontais Mic Léinn

Agus feachtais dí-chomhlachais ag bailiú luais, cuimhnímis ar na difríocht idir aontais mic léinn agus a macasámhail náisiúnta.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus feachtais dí-chomhlachais ag bailiú luais, cuimhnímis ar na difríocht idir aontais mic léinn agus a macasámhail náisiúnta.

Sa trí seachtaine deireanacha, sheol grúpaí mic léinn i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) feachtais le na haidhmeanna céanna: ballraíocht deonach a n-aontais mic léinn.

Siúd is gur feachtais óg iad, is léir ón méad campais atá ag plé an ceist seo go bhfuil an smaoineamh seo ag bailiú luais. Siúd is go bhfeictear na feachtais ‘dí-chomhlachais’ seo gach cúpla bhliain, ní comhtharlú é go bhfacamar an iomarca dóibh in aontais atá i bhfábhar rogha roimh an reifreann leasaithe an ochtú leasú bunreachta an bhlian seo chugainn.

ADVERTISEMENT

Ach ní chuireann ballraíocht an aontas mic léinn isteach ar do shaol mura bhfuil sin uait. Níor mhaith leat togha a chaitheamh i dtoghcháin an aontais? Ní gá duit. Níl tú ag iarradh dul chuig cruinnithe chomhairle an aontais? Tá sin ceart go leor. Ní aontaíonn tú le sainordú, mar shampla an sainordú chun dul i mbun feachtais i bhfábhar rochtain ginmhilte? Tá tú saor chun é
sin a dhéanamh, agus is féidir leis an méad torann atá uait a dhéanamh faoi.

Is dócha go mbíonn an fonn chun imeacht go hiomlán siombalach uaireanta – agus is cothrom é sin. Ní fíú an cúpla euro a thugann mac léinn don aontas an saol níos deacaire a bheas aige gan aontas. Mar gheall ar sin, ba cheart do mic léinn áthmhachnamh a dhéanamh ar an bhfeachtas seo.