Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 5, 2018

Is Gá Modhanna Cumarsáide an Choláiste a Fhorbairt, Go Háirithe i Rith Stoirme

Ní leor an chomhairle ón gcoláiste chun “súil a choinneáil ar na meáin shóisialta”.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bheadh sé neamhgnách don choláiste na doirse a dhúnadh do chách seachas don lucht cónaithe mar gheall ar aimsir anróiteach. Ach sa bhliain acadúil seo dúnadh an coláiste ar feadh cúig lá nó mar sin.

Tháinig stoirm Ophelia i mí Mheán Fómhair seo caite aniar aduaidh ar choláiste na Tríonóide – ní raibh gíoc ar bith le cloisteáil ón gcoláiste go dtí gur fhógair an tAire Oideachais, Richard Bruton, go raibh ar gach institiúd dúnadh – bhí mic léinn cráite ag an leisce a bhí ar an gcoláiste na cinnidh a chur in iúl dóibh.

An uair seo, le cinnmhire níos láidre faoin “torathar anoir” ó na meáin, tá an dreach ar an scéal nach bhfuil rud ar bith foghlamtha ag an gcoláiste ó Ophelia, a bheadh mar chleachtadh iontach do ghéarchéim aimsire cosúil le seo. B’fhéidir go raibh moill ar an gcoláiste aon chinneadh a dhéanamh mar gheall ar Seachtain na Léitheoireachta.

ADVERTISEMENT

Bhí seo ceart go leor do gnáthlucht an champais. Ach cén fáth nach raibh smaoineamh ar bith déanta ar son na mac léinn ag obair in ospidéil éagsúla, dóibh siúd a bhíonn orthu turas fada a thaisteal maidin is oíche? Nuair a dúnadh na scoileanna, bhí roinnt mac léinn buartha faoi aire a thabhairt da bpáistí. Ní leor an chomhairle ón gcoláiste chun “súil a choinneáil ar na meáin shóisialta,” go háirithe nuair a bhaineann an deacracht le cinneadh a dhéanamh seachas an t-eolas a scaipeadh.

Bhí cíor thuathail ann nuair a rinneadh tréaniarracht an coláiste a choinneáil ar oscailt maidin Dé Céadaoin agus ansin chun a mhalairt iomlán a dhéanamh agus an coláiste a dhúnadh – dúnadh seirbhísí cosúil leis an Ionad Spóirt agus an leabharlann níos luaithe ná mar a fógraíodh.

Anois dealraítear dúinn go ndéanfar déileáil ar bhonn ad hoc do na mic léinn a bhfuil seans ann go mbeidís sáinnithe amárach – gan aon chinntiú go nglacfar lena leithscéalta faoi neamhláithreacht ag ranganna teagaisc. Níl áibhéil ar bith i gceist nuair a deirtear go bhfuil gá modhanna cumarsáide an choláiste a fhorbairt, go háirithe i rith stoirme.