Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 29, 2018

Ba Chóir go mBeidh Amhras Ann Maidir le Tionscamh Daonlathach an Choláiste

Tá smacht ag an gcoláiste ar an tionscnamh, agus dá bhrí sin, tá smacht acu ar na torthaí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

B’fhéidir go síleann formhór an coláiste seo go bhfuilimid níos daonlathaí ná coláistí eile – toghaimid an Propast, mar shampla – ach is minic a ghéilleann an coláiste do lárúchán an ardoideachais nua. Is ábhar dóchais é an córas vótála – a láinseáladh ar líne an tseachtain seo faoi champas saor ó phlaisteach – go n-éisteofar le guthanna na mac léinn agus guthanna foirne sa todhchaí.

Ní raibh sé de sprioc ag ollscoileanna bheith daonlathach riamh. De ghnáth is institiúidí éilíteacha, sotalacha iad ina ndéanann an lucht bainisteoireachta na roghanna ar fad. In ainneoin na cainte ar fad faoi mhuintearais an champais, is sampla é táillí forlíontacha do scrúduithe de na cineál caochspotaí a thagann chun cinn nuair nach n-éisteann an coláiste lena mhic léinn.

Ach bímid aireach nuair a luaitear an córas nua seo mar athrú suntasach. Mar shampla, ní freagra é seo don fheachtas Tóg an Tríonóid ar ais – bhí seo á phleanáil ag an gcoláiste ar feadh cúpla mí, le tacaíocht ó Patrick Prendergast é féin. Bíodh is go bhfuil fáilte mhór roimh an gcinneadh seo, is beag an rud ar féidir leis an daonlathas díreach a thairiscint dá shaoránaigh: comhairliú atá ann seachas rogha. Faoin gcóras atá ann faoi láthair, bhí rogha ag mic léinn idir trí gníomh éagsúil chun plaisteach a bhaint ón gcampas, rud a léirigh go raibh smacht ag an gcoláiste ar an tionscnamh agus na torthaí iad féin. Níl aon bhealach do mhic léinn achainí a chur ar an bPropast nó smaointí nua a chur chun cinn.

ADVERTISEMENT

Léiríonn sé go bhfuil fadhb éigin ag na struchtúirí ionadaíochta atá i bhfeidhm sa choláiste cheana féin. Suíonn ionadaithe Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) ar choistí difriúla an choláiste, agus bíodh is go bhfuil a lán laigí ag comhairle an aontais, toghfar iad go daonlathach. Cruthaíodh na struchtúirí seo ar fad chun guthanna na mac léinn a léiriú, cosúil le ceardchumann do bhaill foirne. Dá lorgaíodh tuairimí uathu, bheadh córas vótála nua iomarcach. Tá sé íoránta go bhfuil suim ag an Tríonóid guthanna na mac léinn a chloisteáil i ndiaidh dóibh a rá nach raibh ciall ag easaontas na mac léinn maidir le táillí forlíontacha scrúduithe.

Má tá rath le teacht ar an tionscnamh daonlathach seo, beidh ar an gcoláiste ceisteanna deacra agus acrannacha a chur ar mhic léinn, go háirithe dóibh siúd nach mbíonn suim acu i gcomhairliú díreach an choláiste. Ní dócha go n-úsáidfidh an coláiste cur chuige cosúil leis sin agus ní chuirfear ceisteanna orainn faoi aon rud seachas sopanna agus cupáin in-athúsáidte.