Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 30, 2018

B’fhéidir go Bhfuil an Propast Sásta a Chathaoirleacht a Ghéilleadh Faoi Dheireadh

I ndiaidh na meastóireachta a rinne baill de Bhord an Choláiste, tá post Prendergast mar Príomhfheidhmeannach agus mar Chathaoirleach anois a mheá.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Sa bhliain 2015, nocht The University Times an easpa measa agus an cur chuige ansmachtach a léirigh an Propast ag an mBord, rud a bhain geit as pobal an Choláiste nach bhfuil cleachtaithe le léamh faoina imeachtaí folaitheacha.

Is cinnte go raibh móran duine ar an eolas maidir le réchúis Prendergast i leith thuairimí an Bhoird, agus go mbrúnn sé a rún féin chun cinn. Mar sin féin, dearbhú práinneach a bhí ann ar thuairimí a chuirtear in iúl faoi rún den chuid is mó.

Rinne Prendergast – ina “dheachtóir”, dar le ball amháin – cinnte a mhothúcháin faoi “sárú rúndacht an Bhoird” a chur in iúl. Chuir sé brú ar bhaill a n-aiseolas a thabhairt trí phróiseas inmheánach féinmheastóireachta, ag cur i gcuimhne dóibh nach raibh cead acu na nithe sin a phlé gan “toil iomlán an Bhoird”.

ADVERTISEMENT

Bliain chorraitheach a bhí inti don Bhord. Tar éis táille athscrúdaithe €450 a chur i bhfeidhm, tharraing feachtasaíocht na mac léinn aird na tíre. Rinne an Bord athchinneadh de dheasca an bhrú shuntasaigh – rud a tharlaíonn go hannamh. Tá cinntí an Bhoird bunaithe ar chomhaontú, rud a bhraitheann ar Prendergast, atá ina chathaoirleach. (Bíodh is go mbeifeá ag súil leis, is annamh a tharlaíonn vóta.)

Anois, tar éis tuilleadh féinmheastóireachta, cruthaíodh grúpa chun imscrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna an Bhoird, bunaithe ar aiseolas ó bhaill. Chomh maith le nithe leadránacha ar nós mhinicíocht na gcruinnithe agus líon na mball, tá post Prendergast mar chathaoirleach anois a mheá.

Is eisceacht é go bhfuil Prendergast mar Príomhfheidhmeannach na hollscoile agus mar Chathaoirleach an Bhoird. Ní hamháin nach ndéantar é seo i gcomhlachtaí atá ar chomhchéim le Coláiste na Tríonóide, ní dhéantar é in aon ollscoil Éireannach eile – chomh maith leis sin, ní dhéantar é sna hollscoileanna móra le rá, na hollscoileanna a bhfuil Coláiste na Tríonóide ag iarraidh aithris a dhéanamh orthu.

Trí bliana a bhí ann ó nocht an foilsiúchán seo nádúr “mífheidhmiúil” an Bhoird, agus is beag athruithe atá tar éis tarlú. Anois agus an deacracht thart, tá an seans ann go bhfuil Prendergast sásta a chathaoirleacht a ghéilleadh.