Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 21, 2019

Léiríonn an Tubaiste le Táillí SUSI go bhfuil Fadhb le Príomhfheidhmeanna an Chlárlann Acadúil

Níl gá iniúchadh a dhéanamh chun fadhbanna i riarachán na Clárlainne Acadúla a aithint.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dar lena shuíomh gréasáin, tá an Chlárlann Acadúil “freagrach as seirbhísí chun tacú le saolré an mhic léinn ag Coláiste na Tríonóide – ó iarratas go dtí bronnú céime.

Mar sin, is í an earnáil atá freagrach as clárú, scrúduithe, agus táillí.

Tarlaíonn sé gurb é ceann de na gnéithe i saol na Tríonóide a ndéantar an méid is mó cáineadh fúithi – agus le cúis mhaith.

ADVERTISEMENT

In ainneoin seo, tá leasaithe agus athruithe móra tar éis bheith curtha i bhfeidhm maidir leis an gClárlann Acadúl: deirtear go raibh tionscnaimh le hainmneacha ar nós START agus GeneSIS i bhfad níos measa ná an Chlárlann Acadúil.

In ainneoin nach mbíonn an Coláiste oscailte maidir le cúrsaí mar seo, níl na feabhsaithe seo tairbheach go leor chun a sainiú mar rud a “chuireann tairbhe le tuiscint” – is é seo an téarma a úsáideann an Tríonóid maidir le toradh ar infheistíocht.

Níl gá iniúchadh a dhéanamh chun fianaise maidir le seo a aithint, faraor. An tseachtain seo, tháinig sé chun solais go bhfuil €1.7 milliún i dtáillí ag dul don Choláiste, de dheasca fhadhb éigin a lig do na céadta mac léinn níos lú airgid ná mar is ceart a íoc.

Bíodh is go bhfuil an mheancóg intuigthe, is í an chaoi ar ghlac sé na blianta ar an gClárlann Acadúl cén fáth a raibh easpa ioncam maidir le táillí – de luach na céadta míle – an rud is dochreidte faoin mbotún seo.

I Mí an Mhárta na bliana seo caite, nocht The University Times nach mbeadh an Chlárlann Acadúl in ann an tobhach €30 do lárionad na mac léinn a ghearradh ar mhic léinn go dtí Meán Fómhair 2019 – dhá bliana níos déanaí ná mar a cheaptar.

Ba chóir go mbeadh an chaoi ar chur an Chlárlann Acadúl Tionscnamh Oideachas na Tríonóide i bhfeidhm, mic léinn a chlárú agus na táillí cearta a ghearradh orthu ceann de na rudaí a dhéanann siad gan bhotún.

Gheall Propast Patrick Prendergast agus é ag rith don toghchán in 2011 go ndéanfadh sé riarachán na Tríonóide a dheisiú. Fuaireamar fathach láraithe nach féidir leis a príomhfheidhmeanna a dhéanamh ón gClárlann Aacadúl.