Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 25, 2019

Ceachtanna le Foghlaim ag Oifigigh DCUSU ó Iarrachtaí Eile chun Baint ó USI

Is beag an aird atá tugtha ag baill sinsiracha DCUSU ar phróisis daonlathacha.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Leis an scéal go ndeachaigh oifigigh sinsiracha Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCUSU) thart ar na hionadaithe ranga chun reifreann a thionscnamh ar a bhallraíocht in Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), ba chosúil gur baineadh buaic na corraíola sna haontais mac léinn amach. Ach le blianta beaga anuas, is cleas coitianta é seo i bpolaitíocht mhac léinn.

Anuraidh, bhrúigh oifigigh Aontas na Mac Léinn in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DITSU) reifreann ar a chlamhnacht le USI i gcruinniú neamhghnách iata, áit a ndearna Uachtarán DITSU na linne Boni Odoemene an cás ar son éirí as an aontas náisiúnta.

I gcás DCUSU, áfach, is cosúil go bhfuil an t-Uachtarán Vito Moloney Burke neamhbhuartha go mbeadh eolas ag mic léinn ar a dhearcadh féin ar bhallraíocht USI, ag insint don College View: “Ónár ndearcthaí pearsanta, mar ghrúpa, ceapaimid nach bhfuil na heagraíochtaí comhoiriúnach.”

ADVERTISEMENT

Rinne Moloney Burke ceap magaidh as luach na n-imeachtaí a eagraíonn USI, ag rá go raibh an t-aontas náisiúnta “sínte rótheann” chun tacaíocht ar ardchaighdeán a sholáthar – agus é ag maíomh go bhfuil an frustrachas céanna ar na haontais níos mó.

Má tá cúis leis na gearáin seo, baineann neamhaird an uachtaráin ar na próisis daonlathacha ina aontas féin óna mbailíocht.

Ach má tá ceacht amháin le foghlaim ón tubaiste le DITSU anuraidh, is é go ndéanann oifigigh sabóideacha féinspéiseacha rómheastachán ar a dtionchar ar ionadaithe agus ar mhic léinn go ginearálta.

Is iad na gnáthmhic léinn, atá páirteach sna cumainn a thigann ionadaíocht do mhionlaigh, a tharraing aird ar mhodhanna frith-dhaonlathacha de chuid oifigigh DCUSU, agus a mhol USI as a sheirbhísí agus ionadaíocht. Is fearr an mheasúnacht seo ar éifeachtacht na heagraíochta ná smaointí fánacha an oifigigh is sinsearaí i DCUSU.

Más fíor go bhfuil an oiread sin fíor-rannpháirtíochta idir mhic léinn Ollscoil Chathair Bhaile Cliath (DCU) agus USI, is éacht é sin ó eagraíocht a cháintear go minic as a neamhábharthacht leis na mic léinn a íocann as.

Tá na mic léinn – fiú más cosúil go bhfuil siad scoite amach – róchríonna chun go gcuirfidh coiste aontais an dallamullóg orthu le reifreann nach raibh siad á iarraidh.