Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 5, 2019

Bhain TCDSU Éacht Amach ‘Faoi Dheireadh’ Déardaoin. Ach Níl an Cath Thart

Thogh mic léinn na Tríonóide chun foireann shabóideach go hiomlán baineann den chéad uair riamh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tharla rud éigin éachtach laistigh de limistéar míshéanmhar an Mezz an Déardaoin seo caite: roghnaigh mic léinn na Tríonóide chun foireann shabóideach go hiomlán baineann a thoghadh. (In ainneoin go bhfuil sé sabóideach, ní fhreastalaíonn Eagarthóir The University Times mar oifigeach an aontais.)

I gcás Alice MacPherson, a d’fhill chun bheith ina hoifigeach ar an gcomhaireamh, ba dheacair é a thuiscint. Bliain ó shin, mar Oifigeach Oideachais ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) chaoin sí an easpa ban a bhí ag rith sna toghcháin i 2018, gan ach beirt ag rith sna toghcháin.

Lena hóráid ag comhairle TCDSU – nuair a cháin sí an éagothroime a chur bac ar mhná páirt a ghlacadh – bhí ar an aontas féinmhachnamh a dhéanamh.

ADVERTISEMENT

I ndiaidh thoradh an Déardaoin, is dushlán é gan éirí dallta ar mhothúcháin maidir le dóchas agus athrú. Seasann ráiteas MacPherson ón mbliain seo caite: tá níos mó i gceist le rannpháirtíocht na mban sna toghcháin ná “sraith ceardlanna”. Is tasc deacair atá ann. Is gá meoin agus aircitíopa a thiontú. Tá comhráite, i leathanaigh an nuachtáin seo agus in áiteanna eile, níos riachtanaí ná riamh. I gcás neart ban – cuid mhaith díobh atá ag stiúradh agus ag lonrú cheana – tá meantóireacht agus spreagadh de dhíth.

Thar aon rud eile, is gá aithint nach dtig linn ár maidí a ligean le sruth. Ní tharlaíonn ceannairí eirimiúla cumasacha cosúil le Laura Beston thar oíche. Is minic a dhéanann siad an cinneadh gan pháirt a ghlacadh san aontas, ar chúiseanna éagsúla nach mbíonn soiléir i gcónaí.

Mar atá luaite ag an mBord Eagarthóireachta seo cúpla uair, ní dhéantar an cinneadh chun rith sna toghcháin thar oíche amháin: is iad na mic léinn díograiseacha sa chéad agus sa dara bliain – a fhaigheann comhairle agus spreagadh – a bhíonn mar iarrthóirí sna blianta amach romhainn.

Sin ráite, thig linn bheith cinnte faoi rud amháin: feicfidh na mic léinn óga an fhoireann go hiomlán baineann a bheidh i gceannas an bhliain seo chugainn agus aithneoidh siad gur féidir leo bheith i gceannas chomh maith. Mar a dúirt MacPherson ar Twitter Dé hAoine: “FAOI DHEIREADH.”