Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 20, 2019

Cur Chuige Ceart ag an bPropast le Seoladh Chairt Chomhionannas Inscne

Is cosúil go dtuigeann an rialtas agus coláistí go bhfuil níos mó i gceist le comhionannas inscne ná bosca éigeantach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta anuas, ní raibh craiceann na fírinne ar fhocail an Phropaist Patrick Prendergast maidir le comhionannas inscne sa Tríonóid. Is beag an t-iontas é seo: ní féidir bheith dáiríre maidire comhionannas inscne agus formhór de chuid uachtarach ná Tríonóide mar fhir liath, meánaosta.

Ach tá cor ag teacht ar an gcomhrá. Léiríonn seoladh don chairt nua Gníomhaíocht Chórasach do Chomhionannas Inscne (SAGE), a thugann 12 chuspóir chun comhionannas inscne a chur chun cinn in ollscoileanna, a raibh acadaimh ón Tríonóid ar thús cadhnaíochta uirthi, cor sa chomhrá maidir le comhionannas inscne.

Ag seoladh na cairte Dé Céadaoin, mhol Propast Patrick Prendergast agus an tAire d’Ardoideachas Mary Mitchell O’Connor an iarracht atá á déanamh ag ollscoileanna chun cúinsí a fheabhsú d’acadaimh bhaineann ag seoladh na cairte ar an gCéadaoin. Is beag fhéinmholadh a bhí le braistint ach ba léir go raibh féinmhachnamh le sonrú ina n-óráidí.

ADVERTISEMENT

D’aithin Prendergast laigí na Tríonóid, ag rá nár éirigh chomh maith leis an gColáiste “mar a bhí muid ag iarraidh” sna Gradaim Athena Swan. D’fhógair sé go bhfuil orainn bheith airdeallach maidir le hidirdhealú i gcoinne na mban.

Labhair Mitchell O’Connor faoina polasaithe chun feabhas a chur ar chúinsí na mban in ollscoileanna. Chomh maith leis sin, chuir sí a buairt in iúl maidir le ciapadh gnéis ar champais ná gcoláistí, ag admháil go raibh “ag teipeadh” ar an rialtas chun an fhadhb seo a réiteach. Araon le Prendergast, labhair sí faoin gcaoi a bhfuil gá ann bheith airdeallach maidir le comhionannas inscne, go háirithe in ollscoileanna.

Ba chúis ionadh í umhlaíocht Prendergast ag an seoladh, go háirithe ó fhear nach bhfuil a thacaíocht do chomhionannas inscne léirithe aige – is fir iad formhór dá chomhairle

Is údar aoibhnis é go bhfuil Coláiste na Tríonóide ar thús cadhnaíochta maidir le tionscnaíocht ar nós cairt SAGE, ach is fearr ar fad go bhfuil an dreach ar an scéal go dtuigeann an rialtas agus coláistí go bhfuil níos mó i gceist le comhionannas inscne ná bosca éigeantach.

D’fhéadfaí a rá nár cóir brath ar chairt, nó an tuin ó óráidí. Ach dóibh siúd a thuigeann an mhoille maidir le hathrú i meoin sa Choláiste, is céim mhór a bhí ann sa chomhrá maidir le comhionannas inscne.