Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 24, 2019

Tá Mic Léinn Cnáimhseachais ag Fulaingt ó Theipeanna Éagsúla

Tá a socrúcháin oibre ró-dheacair agus ró-strusmhar mar fhiontar do mhic léinn cnáimheachais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is beag an t-iontas, dóibh siúd atá eolach ar fhadhbanna na mac léinn le blianta beaga anuas, go bhfuil costais taistil á séanadh do mhic léinn cnáimhseachais agus iad ar shocrúchán. 

Le blianta anuas, tá mic léinn altranais, cógaisíochta, agus cnáimhseachais ag gearán faoi iliomad fadhbanna – ón easpa chúiteamh maoinithe go dtí na huaireanta fada oibre – a chruthaíonn an iomarca brú agus deacrachtaí do taithí oibre.

Tá na sonraí bainteach leis an gcás, tuairiscithe ag The University Times an tseachtain seo, thar a bheith uafásach: níl costais taistil á gcur ar fáil do mhic léinn cnáimhseachais de dheasca rialacháin doiléire ón rialtas nach n-aithníonn fiú go bhfuil siad ann.

ADVERTISEMENT

Níl Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) nó an Roinn Sláinte tar éis an tsraith treoirlínte maidir le costais taistil, a scríobhadh dhá bhliain sular cruthaíodh an cnáimhseachais mar a chúrsa féin sa bhliain 2006, a leasú. 

Trí bliana déag níos déanaí, is gá do mhic léinn cnáimhseachais na Tríonóide a aithint gur lig an córas sláinte, na hospidéil, agus a gColáiste síos iad.

Níl an dá eagraíocht atá freagrach as riarachán taithí oibre fiú tar éis brí fheidhmiúil a shocrú do na rialacha. Agus idir an dá linn, tá mic léinn cnáimhseachais – a mbíonn orthu sealanna trí huaire déag a dhéanamh go rialta – ag streachailt chun a dtaithí oibre a dhéanamh.

Ní hé seo an t-aon fhadhb, áfach. Bhailigh mic léinn cógaisíochta le chéile le déanaí chun agóidíocht a dhéanamh i gcoinne a dtaithí oibre éigeantach atá gan phá. Is léir go bhfuil freagracht ar leith maidir le fadhbanna taithí oibre bainteach leis an ngéarchéim mhaoinithe. 

Bíodh is gur féidir a rá gur cóir go raibh an Scoil Banaltrachta agus Cnáimhseachais níos réamhgníomhaí agus iachall á chur acu ar an HSE chun an fhadhb a aithint, is í sin an chonstaic: dá n-athnódh an rialtas an fhadhb, bheadh orthu í a réiteach. 

Ach de dheasca an easpa maoinithe in ospidéil na tíre seo, tá sé deacair é sin a shamhlú ar chor ar bith. Is mór an trua go bhfuil ar mhic léinn cnáimhseachais ar taithí oibre – todhchaí an chóras sláinte – na hiarmhairtí a fhulaingt.