Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 7, 2019

Tasc Dushlánach a Bheidh ann don Leas-Propast Nua chun TEP a Réitiú

Beidh rath Ollamh Jurgen Barkhoff ag brath ar dhearcadh na mac léinn maidir le Tionscnamh Oideachas na Tríonóide a fheabhsú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, tháinig an tOllamh Jurgen Barkhoff i gceannas mar Leas-Propast an Choláiste, tar éis d’Ollamh Chris Morash éirí as an tAibreán seo caite, i ndiaidh tréimhse oifige chorrach de trí bliana.

I mbealaí áirithe, níl post Barkhoff inmhaíte. Cinneadh cróga atá ann chun an post mar Leas-Propast, agus mar sin, Príomhoifigeach an Léinn a ghlacadh le Tionscnamh Oideachas na Tríonóide ina dara bliain – agus tuairim dhiúltach de nach mór go daingean i measc na mac léinn.

Léirigh mic léinn agus baill foirne cé chomh míshásta a bhí siad leis an gcaoi a gcuireadh Tionscnamh Oideachas na Tríonóide – tasc tábhachtach don Leas-Propast ónar bunaíodh TEP i 2015 – i bhfeidhm an bhliain seo caite. Ar feadh na bliana, bhí fearg na mac léinn faoin ardú ar ualach oibre agus cur chuige neamheagraithe an tionscnaimh le braistint, ag cur brú ar thionscadal Morash.

ADVERTISEMENT

Bíodh is go raibh fís iontach aige le laghdú ar scrúduithe agus curaclam acadúla níos éagsúla, theip ar Morash dul i ngleic le na hiarmhairtí a bhain lena smaointí. Is beag maitheas a bhí ag a mhantra – go gcuirfeadh Tionscnamh Oideachas na Tríonóide le saol na mac léinn go fadtéarmach – dóibh siúd a d’fhulaing ó mheancóg i ndiaidh meancóg i dtearmaí riaracháin agus eagrúchán a chruthaigh an tréimhse scrúdaithe is tubaistí i gcuimhne na mac léinn.

In ainneoin na bliana achrannaí, beidh rath Ollamh Jurgen Barkhoff ag brath ar dhearcadh na mac léinn maidir le Tionscnamh Oideachas na Tríonóide a fheabhsú. Is léir nach próiseas éasca a bheidh ann chun córas oideachas na Tríonóide a leasú ó bhonn, ach ní féidir le Barkhoff dul amú sa chaoi chéanna is a d’imigh Morash. Beidh air éisteacht le tuairimí na mac léinn, agus ní féidir leis an milleán a bhrú ar na scoileanna má theipeann ar an tionscnamh.

Tá cumas ag Barkhoff maidir le polaitíocht an Choláiste, agus beidh mic léinn ag súil leis go mbeidh sé in ann leigheas a aimsiú ar an bhfadhb is mó a d’aithin an Bord Eagarthóireachta seo le Morash: a éagumas chun phlaitíocht chasta a stiúradh agus a smaointí inmholta á gcur i bhfeidhm.

Ionas go sábháiltear dearcadh na mac léinn maidir le Tionscnamh Oideachas na Tríonóide, beidh ar Barkhoff a thaispeáint gur féidir leis éisteacht, agus gur féidir leis obair le mic léinn san áit a bhfuil siad, seachas an áit a bhfuil sé ag iarraidh go mbeidh siad.