Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 30, 2019

Níl Riarachán na Tríonóide Foirfe, Ach D’fhéadfadh A Mhalairt Bheith I Bhfad Níos Measa

D’fhéadfadh leasaithe molta de ríalú ardoideachais atheagar radacach a chur ar struchtúir ríalaithe na Tríonóide.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta beaga anuas, tá faitíos ar mórán san ardoideachas maidir le féinriail agus cur isteach an rialtais.

Is beag an t-iontas: tá an rialtas tar éis bac a chur le hinsititiúidí ardoideachais cúpla uair as a chéile – is léir go bhfuil siad ag iarraidh níos mó smachta a bheith acu ar riarachán san earnáil.

Ach ní fuaireadh fianaise lán-cinnte faoin todhchaí atá roimh struchtúir rialaithe na hollscoile go dtí an seachtain seo caite, nuair a d’inis The University Times go bhfhéadfadh na leasaithe atá molta don Acht um Údarás Ard Oideachais méid Boird Coláiste na Tríonóide a laghdú go mór agus comhaltaí sheachtracha a cheapadh ar an mBord in ionad baill den fhoireann atá ann faoi láthair.

ADVERTISEMENT

Chuir roinnt Comhaltaí Boird in iúl go raibh imní orthu faoi seo agus níorbh aon ionadh é seo – d’féadfadh na leasaithe seo réimse a dtionchar ar an gColáiste ina n-oibríonn siad a laghdú, agus tús a chur le próiséas a bhfhéadfadh atheagar iomlán a chur ar an earnáíl.

Ó dhearcadh an rialtais, ta an chosúlacht ar an scéal go laghdódh cumhacht méadaithe ar ardoideachas bagairt na mbotún riaracháin go héifeachtach. Chomh maith leis sin, chuirfeadh sé suaimhneas ar an gcáiníocóir neamhfhoighneach go bhfuil na céimeanna cuí á thógaint chun staid an oideachais tríú-léibhéil a fheabhsú gan iarracht a dhéanamh dul i ngleic le fadhbanna cistiúcháin.

Agus ní h’é go bhfuil cúis bróid ag na hinstitiúidí ardoideachais le cúpla bliain anuas – bhí roinnt mhaith acu ag croílár scannail a bhí ar cheannlínte nuachtáin náisiúnta agus ní bhféadfadh éinne a rá go bhfuil muinín an phobail san earnáil ró-ard.

Ach s’í an fhadhb ná nach gcinntíonn na moltaí seo go dtiocfaidh feabhas ar an scéal – tá seans níos fearr go ndéanfaidh siad a mhalairt.

D’admháil fiú roinnt comhaltaí nach bhfuil an Bord láidir i ngach aon réimse dá rialachas. Ach níl réiteach na faidhbe le fáil in é a líonadh le comhaltaí seachtracha, toisc nach bhfuil an dúil chéanna acu i dtodhchaí na Tríonóide. Seachas sin, mar a dúirt comhalta boird amháin don The University Times, d’fhéadfadh sé seo fáil réidh le Comhaltaí Boird atá sásta dul i gcoinne na daoine atá ag barr an dréimire.

Mar sin, cé bhfuil sé deacair glacadh le hiomaíocht rialtais ó Bhord nach bhfuil ag fáil tacaíochta na mac léinn, caithfear a aithint go bhféadfadh a mhalairt a bheith i bhfad Éirinn níos measa.