Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 10, 2020

Ní Mór do Mhic Léinn Troid i gCoinne Arduithe Cíosa go Fíochmhar

Chuirfeadh an t-ardú cíosa atá beartaithe ag an gColáiste le róchostas an ardoideachais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cé go bhfuil an dreach ar an scéal nach bhfuil lucht riartha na Tríonóide tar éis tús áite a thabhairt do mhic léinn le blianta anuas, is cinnte gur aithin an Coláiste neart na mac léinn agus ghéill siad dá mianta – ar uairibh.

Ach léiríonn imeachtaí na seachtaine seo caite – nuair a nocht The University Times go bhfuil an Coláiste ag smaoineamh faoi ardú ceithre faoin gcéad ar tháillí lóistín – gur féidir leis an Tríonóid gníomhú ar bhealach nach dtacaíonn le mic léinn. Is í an cheist is soiléire anois ná: cén chaoi go bhfuil an gColáiste bheith chomh bodhar?

Ceithre mhí ó shin, bhagair grúpa feachtasóirí stailc chíosa ar champas, agus cé go ndeachaigh Cut the Rent i léig, d’fheadfadh an t-ardú cíosa seo an splanc sin a athlasadh. Níl atmaisféar geilliúil le braistint ar champas, ach tá an Tríonóid muiníneach go leor chun ardú cíosa a lorg le haghaidh seomraí atá ríchostasach cheana féin.

ADVERTISEMENT

Ní mór do mhic léinn an t-easpa céile seo a thaispeáint don Choláiste roimh an gcéad cruinniú eile a bheidh ag an gCoiste Maoinithe. Le tacaíocht ó hUachtarán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide Laura Beston anois – a bhagair go ndéanfadh sí “cibé atá ag teastáil” chun bac a chur ar an ardú – caithfidh mic léinn an t-inneall a athlasadh le hagóidí lóistín.

Le bheith soiléir: má ghlactar leis an mbeartas seo ag an gCoiste Maoinithe, beidh sé níos deacra ná mar atá faoi láthair do mhic léinn chun íoc as seomraí ar champas. Méadódh an Coláiste an bac ar ardoideachas, agus fulaingeodh mic léinn.

Tá sé de dhualgas ar mhic léinn chun éisteacht le Beston, caithfear léiriú don Choláiste nach nglacfar le hardú eile i bpraghas a lóistín. Ó thaobh na feachtasaíochta de, ba chóir (agus is ceart) go mbeidh seo mar bhuille marfach chun na coinníollacha oiriúnacha a fhorbairt d’agóidíocht ar champas.

Cé go mbeidh na mic léinn atá ag iarraidh bheith ina gcónaí ar champas an bhliain seo chugainn i lár an aonaigh leis an bhfeachtas seo, tá na mílte mac léinn tar éis fulaingt ó chíos ríchostasach an Choláiste. Anois an t-am chun seasamh ina choinne.