TCDSU Elections 2020
Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 2, 2020

Is Cliche É Easpa Spéise san Aontas – Chuaigh Sé Tharr Barr i mBliana

Thit líon na mac léinn a chaith vóta sa toghchán uachtaránachta i mbliana faoi 25 faoin gcéad.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an fhadhb rannpháirtíochta a bhaineann le hAontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) beagnach ina cliche tráthúil sna toghcháin anois. Bliain i ndiaidh bliana, tagann agus imíonn ionadaithe agus iad ag geallúint chun fadhb spéise a “réiteach” – cé nach bhfuil fhios ag éinne cúis na faidhbe ar an gcéad dul síos.

Ach sna toghcháin i mbliana, thit an ráta ballóide chomh tobann go bhfuil tábhacht nua ag an gcomhrá seo maidir le rannpháirtíocht. Níor vótáil ach 2,521 mac léinn sa rás uachtaránachta – an ceann is tábhachtaí, d’fhéadfaí a áiteamh – thíos ó 800 i gcomparáid leis an dá bliain seo caite. Bhí treocht choitianta ann sna sé rás eile.

Nuair a thógtar san áireamh nach vótálann ach líon íseal mac léinn sa Choláiste, is laghdú suntasach agus imníoch é seo. Athraíonn an ráta ballóide de shíor, ach léiríonn laghdú den mhéid seo go bhfuil an fhadhb rannpháirtíochta éirithe ó mhaoil go mullach.

ADVERTISEMENT

Agus is fadhb dháiríre í seo: ní hamháin go mbaineann sé den údarás atá ag an seisiúr oifigeach shabóideach a toghadh an tseachtain seo caite – tá ceist ann anois faoin bhfáth nach raibh spéis ag mic léinn i dtoghchán a chintíonn jabanna tábhachtacha do mhic léinn.

Tá seans ann go mbaineann an titim sa ráta ballóide le feachtais níos laige i mbliana i gcomparáid le blianta eile. Ba fhianaise í an fuinneamh marbhánta ag hustings – ina raibh ach feachtasóirí agus iriseoirí léinn i láthair – ar an gcaoi ar mhothaigh sé gur cailleadh rud éigin i mbliana.

Bhí nithe éagsúla eile den toghchán i mbliana nár fógraíodh ar an leibhéal céanna mar a bhí blianta eile: tharla Hustings i Halla na Tríonóide gan aon fhógraíocht shuntasach roimh ré – cás fíoraisteach a raibh a thionchar le sonrú sa tinreamh íseal de mhic léinn céad bliana a bhí i láthair.

D’fhéadfadh roinnt an argóint a dhéanamh nach mbíonn ionadaíocht cheart i gceist leis na toghcháin TCDSU, nuair nach gcaitheann ach ceathrú de mhic léinn a vóta ar an lá is fearr. Ach is measa ar fad an scéal nuair a chuimhnítear gur thit an ráta vótála faoi 25 faoin gcéad i mbliana.

Tá ráta vótála ríthábhachtach i ngach toghchán, mar sin ní mór dúinn fiosrú faoin bhfáth ar chaith líon íseal mac léinn vóta agus iad ag cinnteoireacht faoi cé a dhéanfaidh ionadaíocht ar a son an bhliain seo chugainn.