Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 30, 2020

Más Laochra iad Oibrithe Sláinte, Conas a Rinne an Rialtas Dearmad Orthu?

Tá liodán de cheisteanna ag mic léinn altrachta, fiú leis an rialtas ag moladh na n-oibrithe sláinte.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Rud amháin a tháinig chun cinn i rith na paindéime ná an méid a bhraithimid ar ár n-oibrithe sláinte.

Tá rabharta buíochais tar éis scaipeadh do dhochtúirí agus do altraí na tíre, agus iad ag obair sna línte tosaigh sa tseirbhís sláinte, ag ullmhú do bhrúchtadh.

Ach ní leor dlúthpháirtíocht: tá tacaíocht dhaingean ag teastáil uathu ina n-ospidéil. Agus más ráiteas follasach é seo, is fiú é a rá arís agus dochtúirí léinn agus altraí léinn á bplé.

ADVERTISEMENT

An tseachtain seo, thuairiscigh an University Times ar an mórliosta fada de dhúshláin atá roimh intéirnigh altrachta na Tríonóide.

An rud atá ríshoiléir ná nach mbraitheann na haltraí seo – lúb thábhachtach sa mheaisín sláinte – go bhfuil tacaíocht acu agus iad ag obair gach lá.

I rith na géarchéime, tuigeann altraí intéirnigh cé chomh deacar is atá cúrsaí: tá siad ag obair ann.

Ach is mic léinn iad, ag obair ar son céime. Caithfidh siad a bheith ar an eolas má tá a mbronnadh céime i mbaol má tá brú orthu féinleithlisiú a dhéanamh – bagairt mhór do chách – agus go dtí seo níl freagra ar bith faighte acu.

An tseachtain seo, d’éist siad le náire nuair a fógraíodh go dtuillfidh altraí breise – le níos lú oibre, agus níos lú freagrachtaí – níos mó airgid ná iad féin, i ndiaidh fógra ón Aire Sláinte Simon Harris.

Má bhí an rialtas dáiríre faoi thacaíocht a thabhairt do altraí léinn, b’éigean do Harris intéirnigh a lua – dream atá éagsúil uathu siúd ar shocrúchán oibre.

In ionad sin, scríobhadh ceannlínte náisiúnta faoi gníomh nach dtéann i ngleic leis na dúshláin atá roimh an móramh.

Idir an dá linn, cuireadh ceist ar mhic léinn leighis an Choláiste “obair dheonach” a dhéanamh in aonaid dhianchúraim, ag tabhairt cúnamh dóibh siúd leis an víreas. Díol suntais é nár luadh pá ar chor ar bith – easnamh aisteach nuair a thógtar san áireamh gur obair speisialaithe ata i gceist, le riosca suntasach ag baint leis.

Cloisimid go gceapann an rialtas gur laochra iad ár n-oibrithe slándála. Mar sin, cén fáth ar mothaíonn altraí léinn agus dochtúirí léinn mar athsmaoineamh?