Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 18, 2020

Tabhair Aire, A Choláistí: Rinne Saineolaí Beag is Fiú den Teagasc ar Líne

An tseachtain seo, bhagair Peter Clinch go mbeidh ollscoileanna na hÉireann ‘ag streachailt’ agus iad ag dul san iomaíocht in oideachas ardchaighdeáin ar líne.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Maidir le teagasc ar líne, is mór an moladh atá cloiste againn ó cheannairí ollscoile na tíre seo le déanaí.

Is moladh ó choláistí é formhór na cainte: moladh don tréaniarracht atá déanta ag an lucht léinn a raibh orthu glacadh le fírinne nua i gcaoch na súl.

Ní fhéadfaí locht a chur ar na hinstitiúidí – tá dea-nuacht, agus dea-íomhá níos tábhachtaí ná riamh i lár paindéime, agus tá na moltaí tuillte ag an gcuid is mó den bhaill foirne.

ADVERTISEMENT

Ach tá mothúchán le braistint tríd an rud seo ar fad nach bhfuil gach rud chomh rósach is atá á chur in iúl ag uachtaráin tríú-leibhéil. Le cogair faoi easnamh teicneolaíochta, is doiligh éalú ón mothúchán go raibh an lucht léinn ag rith ionas go mbeidís ina stad.

Go dtí an tseachtain seo caite, níor labhair éinne faoi na buairt a bhaineann leis an teagasc ar líne go meán – nó fad – téarmach. (Idir an dá linn, tá ollscoileanna ag breathnú go géar ar na “deiseanna” a bhaineann leis an gcianfhoghlaim.)

Mar sin, is cinnte go raibh spéis ag na páirtithe leasmhara ar an Aoine nuair a bhagair saineolaí – Peter Clinch, cathaoirleach Fhondúireacht Eolaíochta na hÉireann – nach bhfuil an cumas ag ollscoileanna teagasc ar líne ar chaighdeán domhanda a chur ar fáil.

Sa chás is go raibh míthuiscint á bunú faoi chumas an teagaisc ar líne in Éireann, scrios Clinch é. Ag seimineár gréasáin le huachtaráin ó Coláiste na hOllscoile Chorcaí, agus GMIT, rinne sé beag is fiú den choincheap tráthúil: go mbeidh “teagasc cumaiscthe” – meascán de teagasc ar líne agus sna seomraí ranga – mar thodhchaí dhearfach do choláistí.

Bhí duairceas ag baint lena bhagairt – nach bhfuil an tacaíocht cheart ar fáil i gcoláistí chun teagasc a bhogadh ar líne mar is ceart. Údar imní a bhí ann freisin: ghéill Patrick O’Shea, uachtarán UCC go bhfuil seans go mbeidh an teagasc ar líne anseo “go fadtéarmach”.

Is iomaí láidreacht atá ag ollscoileanna na hÉireann, ach, mar a léirigh Clinch, is doiligh cás a shamhlú ina bheadh teagasc ar líne mar cheann díobh.

Ní mór do uachtaráin ollscoileanna, agus don rialtas, éisteacht leis. Is cinnte go mbeidh orainn roinnt léachtanna a dhéanamh ar líne an bhliain seo chugainn – agus seans níos déanaí ná sin, gan vaicsín. Ach táimid i bhfad ó bheith ullamh é sin a chur i bhfeidhm in áit an mhacasamhail oideachais atá againn faoi láthair.