Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 22, 2020

An Bhfuil Cassells Marbh? Cinnte, más Fianaise é an Dréachtchlár Rialtais

Is beag tagairt a dhéanann an dréachtchlár rialtais do thuarascáil Cassells an tseachtain seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An bhfuil tuarascáil Cassells marbh?

B’fhéidir gur ceist mhéaldrámata é seo do roinnt, ach seans go bhfuil an t-uafás seo tuillte mar gheall ar an gcaoi nach bhfuil tagairt ar bith déanta do Cassells sa dréachtchlár rialtais a chum Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas an tseachtain seo.

Ní haon rún é go bhfuil an tuarascáil – a chuireann trí réiteach ar fáil don ghéarchéim maoinithe sna hinstitiúidí ardoideachais – ag fulaingt mar gheall ar leisce ón rialtas, óna foilsíodh é sa bhliain 2016

ADVERTISEMENT

D’éiligh údar na tuarascáile, Peter Cassels ar an rialtas chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an tuarascáil sa bhliain 2018, i ndiaidh dhá bhliain de stad.

Ansin, sa bhliain 2019, seoladh an tuarascáil go dtí an tAontas Eorpach agus moltaí eacnamaíocha á lorg acu, rud a chúisigh moill eile sa phróiseas cinnteoireachta.

Faoi dheireadh, i rith an olltoghcháin i mbliana, nuair a theip ar an ardoideachas – nó an ghéarchéim maoinithe a bhaineann leis – áit a aimsiú sa spotsholas, cuireadh moltaí na tuarascáile siar arís.

I ndiaidh na mblianta de neamhshuim agus marbhántacht, bhí ionadaithe ar son na tuarascáile ag súil go n-éireofar leis agus chuir siad an locht ar éasclínte maorlathacha an rialtais don mhoill.

Ach, í mí Éanáir, d’áitigh an Bord Eagarthóireachta seo gur dhainginigh Cassells stádas an ardoideachais ar an méar fhada, toisc go gciallaíonn glacadh leis an tuarascáil go mbeidh damáiste pholaitiúil ag baint le scéim iasachta nó polasaí maoiniú ón stáit nach dtugann móran tairbhí polaitiúla.

Ag an stad seo, braitheann sé soineanta le bheith ag súil leis go bhfuil an tuarascáil ag suí ar sheilf éigin, ag fanacht le díograis éigin ón rialtas le deileáil leis an géarchéim maoinithe san earnáil ardoideachais.

Mar sin, tá geallúint éigin, más doiléir, sa dréachtchlár rialtais le deileáil leis an ngéarchéim maoinithe. Tá an dreach ar an scéal go bhfuil an rialtas féideartha in ann deileáil leis an maoiniú ardoideachais ar leibhéal éigin, ach bheartaigh siad Cassells a sheachaint – agus an tinneas cinn polaitiúil a thagann leis – agus freagraí á lorg acu.