Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 15, 2020

An Coláiste i bPonc idir Gearrsealbhóirí agus Mic Léinn ag Cúirt Kavanagh

Ta mic léinn ar buille le Cúirt Kavanagh agus an Coláiste nuair a tairiscíodh ach cuid den aisíocaíocht, seachas an cúiteamh iomlán a tugadh amach ina lóistín féin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Maidir le bainistíocht a dhéanamh ar a lóistín, is léir nach féidir leis an gColáiste éalú ó trioblóid.

Ofráladh aisíocaíochtaí do na dosaein mic léinn a d’fhág Cúirt Kavanagh i mí Mhárta – nuair a dúirt an Coláiste, go mícheart, go raibh orthu fágáil – nach gclúdaíonn an t-am iomlán ónar d’fhág siad an t-ionad lóistín.

Tá fearg orthu siúd atá as póca le Uninest, atá i gceannas ar an ionad. Tá cáil ar an gcíos costasach i gCúirt Kavanagh, agus nuair a caithead amach iad in aon oíche amháin, tá siad anois níos mó ná €900 as póca.
.
Tá go dtí amárach acu chun glacadh leis an mbeartas, agus ní léir cén iarmhairtí a bheidh ann muna nglacann siad leis.

ADVERTISEMENT

Ach tá méarloirg an Choláiste le feiceáil freisin. I mí Mhárta, gan rabhadh, chuir an Coláiste brú ar mhic léinn Cúirt Kavanagh a fhágáil, agus an tseachtain seo dúirt siad leo chun glacadh le socrú nach bhfuil cóir ar chor ar bith.

Éiríonn an fhadhb níos bearránaí nuair a thógtar san áireamh gur ghlac an Coláiste leis an bhfreagracht tacaíocht iomlán a thabhairt dóibh agus aisíocaíocht á lorg acu cúpla mí ó shin. Anois, dúradh leis na mic léinn: glac leis an socrú – is é an rogha is fearr atá agaibh.

Bhí socruithe ag an gColáiste le hionaid lóistín príobháideacha ar feadh na mblianta, agus cé gur léir nach raibh an Coláiste róthógtha leis an socrú, is féidir le mic léinn bheith feargach leis an gColáiste fad is a thugann siad tacaíocht don shocrú.

Is doiligh éalú ón mothúchán gur foláireamh é seo maidir le socrú a dhéanamh le hionaid lóistín príobháideacha: seans go ndéanfaidh an Coláiste iarracht argóint ar son na mac léinn, ach d’fhág siad iad féin gan aon chosaint ó chomhlacht ilnáisiúnta, comhlacht a thugann tús áite do bhrabús thar gach rud eile.

Is custaiméirí de chuid Uninest iad siúd atá ina gcónaí i gCúirt Kavanagh, agus níl an leibhéal cúraim céanna ag gearrsealbhóirí mar atá ag an gColáiste dá mhic léinn.

Ónar rinne an Coláiste socruithe le hionaid lóistín do mhic léinn, ardaíodh malaí. Léiríonn eachtraí mar seo ní hamháin gur socrú lochtach é – sochrú do-oibrithe atá ann freisin.