Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 13, 2020

Nochtaigh an Coróinvíreas na Laigeachtaí a Bhaineann le hIontaibh sa Tráchtálaíocht

Fágfaidh Banc na hÉireann an campas an tseachtain seo chugainn agus críochnóidh sé haontais urraíochta leis an Trionóid.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta anuas, tá cáinteoirí na Trionóide tar éis a rá go bhfuil an tráchtálaíocht tanaí mar straitéis gineadóra ioncaim don choláiste. Ciallíonn sé go dtugann an coláiste tús áite do chomhlachtaí a chomhoibríonn leo seachas do na mic léinn.

Le heisiúnt nuachta an tseachtain seo go mbeidh deireadh le páirtíocht na Trionóide le Banc na hÉireann an mhí seo chugainn, b’fhéidir go raibh an ceart ag na cáinteoirí.

Den chuid is mó, tá neamhaird tugtha ag Coláiste na Trionóide ar na buarthaí maidir leis an tráchtálaíocht. Go contrártha, bhí claonadh orthu brath ar an ioncam tráchtála chun drogall agus easpa maoiniúcháin an stáit i leith an tríú leibhéil a chúiteamh.

ADVERTISEMENT

Nuair a bhí cúrsaí go breá, bhí tairbhe le baint as an stráitéis. In 2017, léirigh an Coláiste go mbeidh an Trionóid ar a bhealach a sprioc de €33 milliún a ghiniúint in 2020/21- agus is léir go raibh.

Ghin an Leabhar Cheannanais amháin €12 milliún in aghaidh na bliana don Choláiste agus bhí an tSrath Samhraidh mar fhoinse ioncaim bliantúla le linn an tsamhraidh.

I mí Bealtaine, thuairiscigh an nuachtán seo go mbeidh an Trionóid chun suas le €40 milliún d’ioncam tráchtálaíochta a chailliúnt an bhliain seo mar gheall ar thitim amach an choróinvíris. Tá an Leabhar Ceannanais dúnta ó Mhárta agus tá an tSrath Samhraidh curtha ar ceal. Anois, tá Banc na hÉireann agus a cuid urraíochta, ag fágáil an champais.

Leis an earnáil tríú leibhéil fós gafa le géircéim maoiniúcháin agus an tír ag deileáil le cúlú eacnamaíochta, tá iarrachtaí na Trionóide i leith na tráchtálaíochta ar ais ag bun an dréimire. Níl ann sa tráchtálaíocht ach sop in áit scuaibe. Nochtaíodh é seo go mór le déanaí -agus faraor- tá seans go nochtófar é níos mó sna míonna agus blianta os ár gcomhair.

In ainneoinn go dtugann seo sonas gearrtéarmach do cháinteoirí, ar an iomlán, tá sé ina thuar do thréimhsí dorcha sa todhcaí.

Titfidh a lán páirtíochtaí as a chéile sula i bhfad: beidh ar ollscoileanna a bhrathann ar ioncam tráchtála deileáil leis an neamhsheasamhacht a thagann leis go nádúrtha.