Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 25, 2020

Tréigeadh Linn Snámha na Trionóide ar Feadh Tamaill. Tá sé in am don Choláiste Gníomhú

Beidh linn snámha na Trionóide dúnta ar feadh i bhfad, ag í feitheamh ar obair dheisiúcháin.

Leis an mBord Eagarthóireachta

I Mí Lúnasa 2019, dhréachtaigh Spóirt na Trionóide i bpáirt le Áiseanna agus Eastáit, plean gnímh chun linn snámha damáistithe na Trionóide a dheisiú. Bliain ar aghaidh, níl aon rud inbhraite déanta chun na faidhbe a réiteach.

Ag tús na haoise seo, daingníodh tíleanna na linne le táirge faoi bhun caighdeán, a chiallaíonn go bhfuil seans go mbeidh neart deisiúchán le déanamh agus go mbeidh sé costasach. Rinneadh deisiúcháin in 2010, 2012, 2015 agus 2016- ach nuair a dúnadh an Trionóid de thosca dianghlasa náisiúnta, tháinig meath ar an linn agus anois tá sé dúnta ar feadh i bhfad.

Tá sé i nádúr an duine chun a chloigeann a shá sa ghaineamh. Ach, cosúil le gach rud eile, d’athraigh an phaindéim gach rud, ina measc ag tarraingt aird ar na fadhbanna a bhaineann leis an linn snámha.

ADVERTISEMENT

In ainneoinn go ligfidh deisiúcháin ghearrthearmach don linn athoscailt go luath-nó ar a laghad sna míonna atá le teacht- tá na fadhbanna fadtearmach ag teacht go cnámh na huillinne anois.

Cuireann an t-ionad spóirt seirbhís den scoth ar fáil dá mhic léinn agus a chustaiméirí. Is lárionad é do neart clubanna spóirt agus is sampla é do spóirt go ginearálta sa choláiste- tá sé ríthábhachtach mar sin go ndeisítear an linn snámha.

Chomh fada agus a bhfanann an linn snámha i ndroch-chaoi, tá baill den Ionad Spóirt ag íoc as lán-bhallraíocht do sheirbhís nach bhfuil ar fáil dóibh.

Is tréimhse an-mhíshocair atá ann don Choláiste agus mic léinn agus don gheilleagar i gcoitinne. Buailfear an earnáil tógála go trom, ach go háirithe, agus aghaidh á dtabhairt againn ar chúlú eacnamaíochta. Ní chiallaíonn sé seo áfach nach bhfuil dualgas ar an gColáiste dul i ngleic leis an gceist.

Ní amháin go bhfuil teip ar gan an linn a dheisiú míchothrom ar na mic léinn a úsáideann an ionad spóirt- ach cuireann sé stádas na Trionóide i mbaol. Ó tharla agus go nglacann baill den phobal ballraíocht in ionad spóirt na Trionóide, tá féideareacht ann go náireofar an Coláiste nuair a thuigeann na húsáideoirí nach féidir leo an linn a úsáid.

Ba chóir, ar a laghad, go cuirfear baill an ionaid spóirt ar an eolas maidir le cad go díreach iad na fadhbanna, cé chomh tromchúiseach agus atá siad agus cé mhéid a chosnóidh sé chun iad a dheisiú. 

Ní anois an t-am don Choláiste cáil a tharraingt orthu féin toisc gur chuir siad na fadhbanna seo faoi cheilt.