Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 12, 2020

Is Léir Teachtaireacht an IUA don Rialtas: Tá Tríú-Leibhéal Lárnach sa Tearnamh

Lorg aighneacht réamh-cháinaisnéise an IUA maoiniú de €538 milliún don earnáil.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Níos luaithe an tseachtain seo, d’iarr Cumann Ollscoileanna na hÉireann (IUA) cuid mhór de €538 milliún ón rialtas ina aighneacht réamh-cháinaisnéise, a rinne iarracht ardoideachas a chur ag croí tearnaimh an gheilleagair.

Tá dóchas an IUA intuigthe – is é seo an chéad cháináisnéis ó a bunaíodh an Roinn Ardoideachais i mí an Mheithimh, agus tá an tríú-leibhéal go maith as dá bharr.

Is díol suntais é an aighneacht réamh-cháináisnéise ní hamháin mar gheall ar an méid atá á hiarraidh aici, ach mar gheall ar an stíl agus an teanga a úsáidtear tríd.

ADVERTISEMENT

I mbliana, tá an IUA ag lorg €102 milliún le haghaidh costais bhainteach leis an gcoróinvíreas. As seo, tá €32 milliún do na spásanna breise do mhic léinn san ardoideachas, agus tá € 35 milliún breise de le haghaidh tacaíochtaí leasa mac léinn.

D’iarr an IUA ar thart ar €246 milliún ionas gur féidir le hollscoileanna “cur leis an téarnamh náisiúnta”, le béim ar scileanna agus ar chláir phrintíseachta. D’iarr sé freisin ar € 140 milliún le haghaidh taighde agus nuálaíochta, chomh maith le €50 milliún don chroí easpa mhaoinithe laistigh den earnáil.

Ina phreasráiteas, d’admhaigh Jim Miley, Ard-Stiúrthóir an IUA, go bhfuil an aighneacht curtha i gcás ar bhealach difriúil. Tá fiú na hiarratais do infheistíocht ar bhonneagar an champais ghlais frámaithe timpeall ar an earnáil tógála a neartú.

Chun an rud a fheiceáil ina cheart, in aighneacht réamh-cháinaisnéise na bliana seo caite, lorg an IUA €377 milliún: €117 milliún i maoiniú croílár oibríochta, €50 milliún le haghaidh taighde agus nuálaíochta agus €210 milliún le haghaidh maoiniú caipitil. Seachas corr-lua na tuarascála Cassells a ndearnadh faillí ann le fada, ní raibh móiréís in aighneacht na bliana seo caite, agus tá sé bunúsach go leor i gcomparáid leis an gceann seo.

Ní nuacht é gur gné ríthábhachtach de gheilleagar na hÉireann iad ollscoileanna. Anuraidh, thuairiscigh an nuachtán seo cé go n-infheistíonn an rialtas €1 billiún in ollscoileanna na hÉireann gach bliain, agus cuireann siad beagnach €9 mbilliún le geilleagar na hÉireann gach bliain.

Le cúlú eacnamíochta i ndán dúinn, tá bealach aimsithe ag an IUA faoi dheireadh chun é féin a mhargú do pholaiteoirí: trína shuíomh féin mar réiteach ar an gcúlú eacnamaíochta, seachas mar earnáil le gearradh. De thoradh air seo, in éineacht go bhfuil roinn iomlán ann anois atá tiomanta go hiomlán don ardoideachas, cuireadh isteach aighneacht réamh-cháinaisnéise uaillmhianach.

Mar sin tá an IUA tar éis a threo a athrú ar mhaoiniú. Scéal eile is ea cibé freagra a thugann an rialtas ar na hiarratais seo.