Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 12, 2020

Ní Fios na hImpleachtaí atá le Gearradh Maoinithe an ERC

Tá an Chomhairle Eorpach um Thaighde ar tí €1.4 billiún de mhaoiniú a chailliúnt mar gheall ar thionchair eacnamíocha na paindéime.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC), príomh-mhaoinitheoir taighde na hEorpa, ar tí €1.4 billiún de mhaoiniú a chailliúnt de bharr na paindéime. Tá sé seo ina bhagairt do thodhchaí na taighde eolaíochta agus nuálaíochta trasna na hÉireann agus an AE.

Ní thabharfar tuairim agus 700 deontais taighde mar gheall ar an gciorrú €1.4 billiún i mbuiséad an ERC. Forbairt imníoch do thaighde ardleibhéal gan amhras. I ndomhain atá buntáistí taighde le feiceáil beagnach chuile lá – gan trácht i lár paindéime – ní hamháin go bhfuil sé mearbhlach ach is údar imní é laghdú na foinse tábhachtaí seo.

Cé go bhfuil an cinneadh costais a ghearradh mar gheall ar an damáiste eacnamaíoch de bharr géirchéime an choróinvíris mar fhreagra intuigthe ón AE, is freagra gan ciall atá ann. Ba chóir go mbeimid ag ullmhú agus ag déanamh infheistíochta sa todhcahí agus na fadhbanna a bhaineann léi, ní hamháin ag tabhairt freagartha ar an gcás reatha.

ADVERTISEMENT

Ag labhairt leis an University Times an tseachtain seo, dúirt an t-Ollamh Aoife McLysaght , ceann de na hagallaithe agus ollamh na géineolaíochta sa Tríonóid : “Má tá tú ag breathnú ar cad atá ar bun ag nóiméad, an tslí ina raibh roinnt daoine in ann freagairt go tapaidh i leith SARS coróinvíreas-2 ná toisc go raibh siad ag déanamh staidéir ar choróinvíris eile cheana féin. Ní tharlaíonn sé seo gan coinne”.

Ní chóir go gcaithfear le taighde mar thráchtearra atá usáideach anois díreach – leathnaíonn sí eolas daonna agus ár gcumas dul in oiriúnt. Léiríonn an phaindéim reatha an riachtanais seo.

Gan réamhthaighde ar shláinte phoiblí agus ar víris, bheadh an domhain go huile agus go hiomlán neamhullmhaithe dul i ngleic leis an bpaindéim seo. Léiríodh le linn na géarchéime seo go bhfuil réamhthaighde sárluachmhar, toisc go gcabhraíoon sé le smacht a fháil ar an víreas agus teacht ar réitigh, i dtaca le forbairt tástálacha, cóireálacha agus le cúnamh Dé vacsaín.

Ina theannta sin, tá domhan na hacadúlachta dúshlánach go leor do dhaoine óga páirt a ghlacadh – níl gá le constaicí breise. Is mó dochar ná maitheas é laghdú deiseanna do dhaoine óga a bheith ina taighdeoirí gníomhacha. Má leanann na ciorruithe seo, beidh ganntanas taighde agus ganntanas taighdeoirí, rud a bheidh dochrach más gá dúinn dul i ngleic le fadhb eile gan choinne agus ár gcumas an tsochaí a choimeád ag gluaiseacht.

Tá buntuiscint simplí le coimeád in aigne nuair atá ciorruithe ar bhuiséid thaighde ar bun agat: séard a chuireann tú isteach séard a fhaigheann tú amach.

Nuair a thagann sé go dtí taighde, tá an AE mar cheannaire domhanda. Bheadh gearradh ar mhaoiniú mar bhagairt dáiríre dá stádas.