Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 16, 2020

Bhí Easpa Trédhearcachta sa Reifreann – B’fhearr Gan Ligint dó Tárlú Arís

Reáchtáil an TCDSU reifreann an tseachtain seo chun go leor leasúchán a dhéanamh ar a bhunreacht.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, reáchtáil Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide (TCDSU) a chéad reifreann den bhliain. D’ainneoin gur éirigh go maith leis, tarraingíonn an ríomhphost a sheol an aontas amach an deireadh seachtaine seo caite, ina raibh faisnéis mhíthreorach ann maidir leis an gcineál reifrinn a bhí ann, ceisteanna maidir le soiléireacht trédhearcachta.

Le fíorbheagán feachtais timpeall an reifrinn, is dócha go mbeadh an chuid is mó de na mic léinn díreach tar éis an ríomhphoist a léamh ag ceapadh nach raibh ann ach clóscríbhinní a shocrú sa bhunreacht.

Ar an dara léamh, áfach, bhí i bhfad níos mó athruithe oibríochta sa reifreann seachas na clóscríbhinní. I measc na n-athruithe seo ná , cearta vótála Uachtarán GSU ag Fóram an Aontais a bhaint, méid an Choimisiúin Mhaoirseachta a mhéadú, agus deireadh a chur le cumas an Oifigigh Oideachais a mheas go bhfuil oifigeach páirtaimseartha tar éis éirí as a phost má chailleann siad trí chruinniú de chuid an aontais gan aon leithscéal a thabhairt.

ADVERTISEMENT

Toisc gurbh é seo an chéad reifreann a raibh ann le linn an choróivíris, bhí seans ann go mbeadh roinnt deachrachtaí ann.

Cé gur botún a bhí sa dearmad seo agus gur ghabh TCDSU leithscéal agus gur cheartaigh siad a bhotún nuair a cuireadh ar an eolas iad faoi, ardaíonn an eachtra seo ceisteanna fós faoin gcaoi ar ceadaíodh an ríomhphost bunaidh a scaipeadh ar an gcéad dul síos. Níor cheart go gceadódh an Coimisiún Toghcháin faisnéis laghdaitheach faoi reifreann a chur i mbosca isteach gach mac léinn.

In ainneoin gur measadh nach raibh an fhaisnéis a fágadh ar lár “chomh mór sin”, go háirithe os rud é nach raibh na leasuithe ceannródaíoch , bhí níos mó fós i gceist sa reifreann ná an méid a bhí sa ríomhphost. Caithfear a rá freisin go raibh beag is fiú déanta den reifreann ó a cuireadh tús leis anuraidh.

Bhain an reifreann seo le níos mó ná “glanadh suas” clóscríbhinní – bhain sé freisin le dualgais oibríochta a leasú agus ba cheart go raibh mic léinn curtha ar an eolas faoi seo ón tús.

Is é bun agus barr an scéil ná gur chóir go mbeadh a fhios ag mic léinn cad siad ag vótáil ar son fiú amháin má mheastar gur athruithe beaga atá iontu. Le cúnamh Dé ní tharlóidh an botún seo sna reifrinn amach anseo. Tá trédhearcacht ríthábhachtach, go háirithe maidir le bunreacht atá tionchar aige ar gach mac léinn.